Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 15 Ba mhaith linn ómós a thabhairt don chuid is sine dár muintir agus achan duine acu os ceann ceithre scór agus deich mbliana d ’ aois. Siosáile Nic Laifeartaigh Siosáile Hughie Den.(92) Rugadh Siosáile ar an tseanbhaile i nDumhaigh ar an ochtú lá fichead de Dheireadh Fómhair 1914. Bhí sí ar an séú duine d ’ ochtar clainne a bhí ag Hughie Den Shéarlaí agus Máire Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir. Chuaigh sí ‘ na scoile i nDoire A ’ Chasáin go dtí go raibh sí ceithre bliana déag. Shíuil siad as Dumhaigh agus dheamhan morán foscaidh a bhí ar an bhealach sin dar leí. Ba ghnáth léi na Samhraidh a chaitheamh nuair a bhí sí óg ar fhostú i nDoire A ’ Chasáin. Nuair a d ’ éirigh sí ní ba shine chuaigh sí ag obair in Óstlann Ros na Binne.Ní raibh sí ar shiúl as baile ariamh taobh amuigh de thréimhse a chaith sí ag obair i mBéal Feirste mar chailín aimsire ag teaghlach a ba ghnáth a theacht ‘ na hÓstlainne. Bhí sí ag buachailleacht ar na talmhaí an lá a cailleadh colceathar léi, a bhí amuigh ag iascaireacht gliomach, Den Phádraig Den. Pósadh í ar an 12ú lá d ’ Aibreán 1939 ar Mharcas Mac Laifeartaigh as an Bhaile Úr nó Marcas Beag mar ab fhearr aithne air agus bhí seisear clainne acu—ceathrar mac agus beirt iníonach. Chuaigh si- ad a chónaí sa teach a bhí ag Marcas ar an Bhaile Úr. Teach ceann tuí a bhí sa teach cónaí agus oíche amháin agus an teaghlach uilig ina gcodladh mhuscail sí suas agus bhí an tuí ar thine. Dódh an teach go talamh ach go hádhúil le Dia d ’ éalaigh an teaghlach uilig as an teach slán. Thóg siad teach úr in aice an tseantí. Fuair a fear céile Marcas bás sa bhliain 1982 agus tá Siosáile beo go breá compordach ar an Bhaile Úr go fóill agus cé nach bhfuil sí chomh aclaí agus a bhí sí tá a hintinn chomh géar soiléir agus a bhí sé ariamh. Measann sí fhéin gur aer folláin na farraige agus an bia a tháinig amach as a thug saol fada di. Dúirt sí nach raibh a dhath san fharraige ná ag fás fán chladach nár ith siad ina n - óige. Annie Nic Lochlainn Annie John Pheigí.(94) Rugadh Annie ar an 2ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair 1912 ar an Chloich Bháin. Cé a bhí sa bhunadh agus cé mhéad duine a bhí sa teaghlach? Chuaigh sí ‘ na scoile go seanscoil Mhíobhaigh agus ansin nuair a osclaíodh an scoil úr i 1923 chaith sí cupla bliain anseo. Nuair a bhí sí ceithre bliana agus fiche pósadh í ar Neidí Jimí as Gort na Luchóg agus bhí cúigear clainne acu – Bidí, Donchadh, Jimí, Máire agus Neidí. Fuair Bidí an duine ba sine sa chlann agus a bhí pósta ar Johnny Mac Rodaigh bás gan choinne roinnt blianta ó shin. Deir sí nach dtabharann obair chruaidh bás duine ar bith agus leoga ní raibh a dhath bog fá shaol Annie. D ’ obair sí d ’ fheirmeoirí istigh i nDoire agus fosta ar an Cheathrú Chaol --- obair a bhí maslach go leor. D ’ obair sí fosta i dTeach Bhaile Eochagáin agus chaith sí cuid mhór dena saol oibre ag obair sa teach níocháin in Óstlann Ros na Binne. Tá Annie ina cónaí anois i Leargán Riabhach lena mac Neidí agus í i sláinte mhaith agus a hintinn breá géar i rith an ama. Deir sí go gcuidíonn obair chruaidh agus bia folláin macasamhail bia farraige leis an chorp agus go dtabharann seo saol fada do dhuine. Mánas Mac Pháidín Máinigh Mhíchíl (98) Rugadh Máinigh i nDumhaigh i Mí Meithimh na bliana 1908, sa teach céanna a bhfuil cónaí air ann go fóill, an cúigiú duine de chloigeann déag clainne a bhí ag John Mhíchíl Mhánais agus ag Nuala

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3