Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 16 Chonchúir Rua. Seacht mbliana a bhí sé nuair a chuaigh sé ‘ na scoile agus chaith sé tri bliana ag dul go rialta.Bhíodh sé ar fostú achan bhliain ó Mhárta go Samhain, théadh sé ‘ na scoile i rith an Gheimhridh agus sin mar a bhí an scéal go dtí gur fhág sé an scoil nuair a bhí sé seacht mbliana déag d ’ aois. Ba ag an ghutáil a chaith Máinigh an chuid ba mhó dena shaol. Thosaigh sé sna Dúnaibh i 1927 agus níor stad sé den obair seo go dtí 1976. Nuair a thainig meath ar thionscal na hiascaireachta sna Dúnaibh sna fichidí ba ghnáth le scaifte de bhunadh na háite, idir fhir agus mhná, a dhul thar lear ag an ghutáil. Thosaigh séasúr an ghutáíl i gcónaí thuas sna Shetlands ag tús Mí Mei- thimh. Thug an obair seo é ó na hOrkneys i dTuaisceart na hAlban go dtí Yarmouth In Oirthear Shasana. Bhí- odh sé ín áiteanna eile fosta macasamhail Ard Glas, Oileán Mhanainn, na hOrkneys, agus Lowes- toft. De thairbhe gur rugadh Máinigh in aice na far- raige bhí dlúth - cheangal aige leis an fharraige i gcónaí. Chuaigh sé amach sa churrach lena athair nuair nach raibh sé ach seacht mbliana d ’ aois agus chaith sé a shaol amach is isteach ar an churrach. Bhí sé os cionn na ceithre scór nuair a rinne sé a thuras dheireannach amach a iascaireacht sa chur- rach agus amach leis fhéin a rachadh sé. Ba aoi- bhinn an radharc é tráthnóna Samhraidh Máinigh a fheiceáil ag teacht ‘ na chladaigh agus currach lán éisc leis, ba seo páirt den seansaol a bhí imithe. Tha- bharfadh sé i do chuimhne véarsa as an dán breá sin le Máirtín Ó Direáin: Tollbhuillí fanna Ag maidí rámha, Currach lán éisc Ag teacht chun cladaigh Ar órmhuir mhall I ndeireadh lae: San Earrach Thiar. Frank Rooney. (93) Rugadh Frank Rooney i nGleann Ád i gCo. Liatro- ma i mbaile fearainn Shesnan ar an 12ú Lúnasa 1913. Bhí sé ar an ceathrú duine de chúigear clainne agus is é an duine deireannach den teaghlach atá fágtha. Shaothraigh sé a bheatha mar oibrí feirme thart fa- oina bhaile dhúchais agus in áiteanna eile fá Chon- tae Liatroma agus fá Cho. Fhear Manach chomh maith le bheith ag obair i muilte sábhadóireachta agus in aeradróim i gCo.Aontroma. Sa bhliain 1947, bhí sé ar dhuine de na mílte a d ’ imigh thar sáile ar lorg oibre agus ba ar Londain a thug sé a aghaidh. Casadh a bhean Annie Ní Bhuaidhe, (Annie Pháidí Bhuaidhe) as Ceann Na
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3