Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 17 Leargaí dó sa Bhaile Meánach i gCo. Aontroma nuair a bhí sise ag obair ansin mar chúramóir leanaí. Phós siad i Londain sa bhliain 1949 agus tá beirt clainne acu, Margaret agus Frances. Chaith Frank an bhliain déag agus fiche ag obair i monarcha innealltóireachta agus chuaigh sé amach ar phinsean sa bhliain 1978. Sa bhliain 1979 d ’ fhill sé féin agus Annie ar Éirinn le athchóiriú a dhéanamh ar an teach i gCeann Na Leargaí inár rugadh agus inár tógadh Annie agus sin an áít a bhfuil siad ó shin. Chuaigh na blianta a chaith sé ag saothrú mar oibrí feirme go mór ‘ un tairbhe dó nuair a chur sé faoi i gCeann Na Leargaí mar go raibh gairdín glasraí den scoth aige ansin agus ba mhór an phléisiúr a bhain sé as a bheith amuigh ag obair ann. Bhí suim mhór aige cúram mhaith a thabhairt dona charr fosta agus bhí sé féin le feiceáil amuigh ag tiomáint go dtí go raibh sé deich mbliana agus ceithre scór. Bhí stróc aige trí bliana ó shin agus cé nach bhfuil sé chomh aclaí agus a bhí sé ---- ní bhíonn sé ag ti- omáint ná ag obair sa ghairdín --- coinníonn sé an intinn bréa géar trí a bheith ag déanamh crosfhocail.Tá dúil mhór aige á bheith á thiomáint thart agus níl turas ar bith a thógann a chroí chomh mór leis an turas thart ar chúrsa na farraige. Tagann a ghariníonacha as Londain ceithre nó cúig uaire i rith na bliana agus nach seo a choinníonn an croí i mbláth na hóige. Máire Ní Bhrógáin Máire Thuathail. (93) Rugadh Máire ar an 27ú lá de Mheithimh 1913 i mBaile na Deora áit ar tógadh í agus ar chaith sí a cuid ama go dtí gur pósadh í ar Hughie Ó Brógáin as an Mheall Mhór. Chuaigh Máire go Seanscoil Mhíobhaigh fosta ----- bheadh sí féin agus Annie John Phéigí ag dul ‘ na scoile thart fán am amháin. Chuaigh Máire a chónaí ar an Mheall Mhór áit a raibh teach ag Hughie agus seo an áit ina raibh sí go cupla bliain anuas nuair a d ’ fhill sí ar Bhaile na De- ora arís.   Ní féidir an bhó a dhíol agus an bainne a ól. xxxxxxxxxx Ní hionann dul go dtí an baile mór agus a fhágail. xxxxxxxxxx Is maith sú bó, beo nó marbh. xxxxxxxxxx An té is mó caint, is é is lú obair. xxxxxxxxxx Is beag an ráfla nach gcluin dís. xxxxxxxxxx Is uaisle onóir ná ór. xxxxxxxxxx Cuairt ghearr, is í is fearr. xxxxxxxxxx Is fusa titim ná éirí. xxxxxxxxxx An riu is annamh, is iontach. xxxxxxxxxx Chíonn beirt rud nach bhfeiceann duine amháin. xxxxxxxxxx

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3