Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 18  Tá Feadaímó, a uncail, Proinsí Rua agus Conal óg Mac Giolla Bhríde i ndiaidh comharsa béal dorais, Seán Mháire Den agus trí phríosúnach eile a bhí i mbraighdeanas leo, a scaoileadh saor ón bheairic i gCill Mhic nEánáin. Rith siad leo i rith na hoíche, ag gearradh as achan aicearra a bhí ar eolas acu, le bheith ar an Aifreann maidín lá arna mhárach sa dóigh is nach dtarraingeoidís aird orthu féin trí a bheith as láthair. Ar an drochuair tá an Captaen Albertson, fear a casadh orthu don chéad uair nuair a bheir sé ar Sheán Mháire Den sa phortach an lá roimhe sin, agus a mharcshlua, tar éis theacht le ruathar anuas ar lucht an aifrínn, á scaipeadh agus á scanradh. Bhí a fhios ag na fir, ó iompar an Chaptaen sa phortach, gur fear gan trócaire a bhí ann agus gur fear é fosta nach raibh meas ar bith aige ar na Gaeil. Anois, bhí mná agus páistí ag caoineadh agus fir ag déanamh a ndícheall uchtach a thabhairt díofa, cé gur bheagán a bhí acu féin faoi lansaí na ndragún. Thit croí Pháidí Dhomhnail, athair Feadaímó, nuair a chonaic sé an Captaen Albertson. Chuir an Captaen stad lena chapall os comhair an tsagairt. We ’ re looking for a certain John Coll, where is he ? “ I have no idea ” arsa an sagairt. “ Liar, ” a scairt an Captaen agus an fhuil ag éirí ann. “ You papist priests know everything that these maggoty scum get up to ”. Bhuail an Captaen an sagart lena eachlasc ansin agus thit an comaoineach ar an talamh. D ’ éirigh scread uafásach ó na daoine nuair a chonaic siad seo. Chuaigh an sagart ar a ghlúine leis an chomaoineach a thógáil agus chuir an Captaen a chapall chun tosaigh ag satailt na bpíosaí beaga geala isteach sa talamh. Ghlac Feadaímó coiscéim chun tosaigh ach chuir a athair srian air. Má tharraingíonn tú aird an fhir sin ort inniu a Fheadaímó beimid uilig sa phríosún tráthnóna. Cha dtiocfadh leis an rí rá agus an ruaille buaille a bheith a dhath níos measa dá mbeadh an madadh rua i ndiaidh briseadh isteach i gcró na gcearc. Bhí achan rud bun os cionn. Bhí fir ag brú chun tosaigh le cuidiú a thabhairt don tsagart, bhí mná ag déanamh iarracht páistí a choinneal teann lena taoibh, ag an am chéanna bhí na páistí ag iarraidh talamh bán a chur eatarthu féin is beachaí fíochmhara na ndragún. Bhí na dragúin iad féin ar imeall an slua ag bagairt agus á maslú ina dteanga coimhthíoch féin. Thiontaigh an Captaen aghaidh a chapaill ón tsagart agus le léim amháin bhí sé ar mhullach na charraige a bhí in úsáid ag an sagart mar altóir. Scaoil sé piléir ins an aer. Stad an callán. “ A murderer from this locality by the name of John Coll managed to break out of the jail in Killmacrennan last night. This criminal will, in all probability, try to make his way here, and if he does i want him handed up immediately. There will be no mercy shown to an- yone who tries to aid the escape of this man. Now, there is a possibility that a person or persons from this locality aided him in his escape. If you have noticed anyone ’ s absence here this morning please inform me or one of the dragoons immediately. In the meantime however you will be held in this spot until such time as all the hovels have been searched. Ní raibh Béarla ar bith ag nócha naoi faoin gcéad de na daoine ach idir an sagart agus cúpla fear eile a raibh an teanga sin acu, ní raibh an scéal i bhfad ag dul thart. D ’ éirigh an monabhar cainte agus thosaigh na daoine ag brú i dtreo an bhealaigh. Daoine a bhí iontu nach raibh mórán acu ina gcuid tithe ach mar sin féin ní raibh siad sásta go mbeadh scuad dragún ag trampáil fríd na mbotháin bochta a bhí acu gan smacht dá laghad orthu. Scairt an Captaen ar an sáirsint agus dúirt rud éigin leis. Chuaigh an sáirsint chuig dragúin eile agus shéid seisean buabhall. Tharraing an buíon uilig ar ais fiche slat agus thug siad amach na muscaeid. Dírigh siad iad ar na daoine agus stad an gearán agus an bo- gadh. Ní raibh le déanamh ag na fir anois ach seasamh idir na mná ‘ s na páistí agus cuid muscaeid na ndragún. D ’ imigh an chuid is mó de na ndragúin i dtreo na dtithe ansin agus choinnigh an cuid eile acu a muscaeid dí- rithe ar na fir. Labhair an captaen leis an sáirsint arís agus scairt seisean amach dhá ainm. Tháinig beirt saighdiúir a bhí ag marcaíocht ar shean miúil amháin agus iad scartha ón chuid eile den bhuíon chun tosaigh. Thug Feadaímó faoi deara ansin go raibh an bheirt acu costarnocht, agus d ’ aithin sé ón iompar a bhí leofa agus an fhuil tirim ar a n - aghaidheanna gur tugadh léasadh millteanach dóibh le gairid. Labhair an sáirsint leis an tsagart agus sheas an sagairt in airde ar chloch. “ A chairde, ” a dúirt sé, “ coinnígí socair agus beidh seo thart sula mbeidh a fhios agaibh. Tá a fhios agamsa nach bhfuil baint ar bith agaibh leis an rud a tharla i gCill Mhic nEánáin aréir, mar tá achan duine anseo maidin inniu ach amháin cuid de na sean daoine agus beirt na triúr ata ag éileamh. Mar sin de ná bígí buartha faoin bheirt seo. Bhí siadsan mar gardaí ar an mbeairic aréir. Cibé cén dóigh a rinneadh é, chuaigh fear nó fir isteach na phríosúin agus scaoil siad saor na príosúnaigh trí poll a chur sa díon agus d ’ imigh siad uilig i ngan fhios don bheirt seo, mar bhí siadsan ag freastal ar choirm ceoil a chuir beirt fear meisce ar fáil dóibh. ” Thosaigh an gáire i measc na ndaoine agus is iad a bhain an sult as an scéal céanna. Níor thuig an dá shaighdiúir focal a dúirt an sagairt ach bhí a fhios acu go raibh siad féin ina ábhar gháire ag an slua.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3