Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 19 Chuir an sagart suas a dhá lámh agus thostaigh siad. Tá an bheirt acu seo chun siúil thart ag amharc ar na fir go bhfeicfidh siad an n - aithneodh siad na ceoltóirí. Thosaigh an gáire arís agus las aghaidheanna na beirte suas. Nuair a d ’ aithin na daoine go raibh na boic náiriste d ’ éirigh an gáire agus an magadh níos measa. Scairt an sáirsint rud éigin agus thosaigh an bheirt ag siúl thart tríd an slua. Bhí sé soiléir ón tús gur seo pi- onós don bheirt mar bhí siad anois ag siúl costarnocht i measc slua daoine a raibh an chuid is mó acu cos- tarnocht ag an am seo den bhliain, agus anois bhí na dragúin ag magadh fosta. Ní raibh a gcroíthe san obair. Bhí siad den bharúil gur ama amú a bhí ann mar bhí a fhios acu nach raibh dóigh ar bith a dtiocfadh le duine ar bith a bheith i gCill Mhic nEánáin aréir agus ar ais anseo roimh an Aifreann ar maidin. Rinne na daoine dearmaid de na muscaeid a fhad is a bhí an siúl náireach seo ag dul ar aghaidh mar bhí spóirt ar dóigh acu leis na saighdiúirí bochta. Thosaigh siad uilig ag ceol agus ag ligint orthu fhéin go raibh siad ólta. Choinnigh Conal Óg agus Proinsí Rua ar shiúl óna chéile ach cha dear sin dífir ar bith. Ní raibh uchtach ag na saighdiúirí amharc isteach i súile na bhfear. Chaith siad an chuid is mó den lá thíos ag carraig an Aifrinn ar bhruach na Maoil Ruaidhe ach de réir a chéile tháinig na dragúin uilig ar ais agus an scéal leo nach raibh Seán Mháire Den faoin cheantar. D ’ imigh na dragúin ansin agus chuaigh na daoine ‘ na bhaile le glanadh suas i ndiaidh an chuairt gan chuireadh a rinneadh ar a gcuid tithe. Chuaigh cúpla bliain eile thart gan morán iomráiteach tarlú faoin áit. Bhí an iascaireacht leis na curacha ag dul ar aghaidh, bhí na prátaí á gcur, bhí an mhóin á bhaint agus bhí an airneál ansin dóibh san oíche. Tharla rud ansin sa bhliain 1815 a chur isteach go mór ar na Gaeil. Briseadh ar Napoleon ag Waterloo. Chuir sin deireadh leis an dóchas iontach a bhí acu go dtabharfadh na Francaigh saoirse dóibh agus go gcuirfeadh siad deireadh le cumhacht na dtiarnaí talún. Ba é sin an crá croí a ba mhó a bhí ag na daoine, an eagla roimh na báillí agus go dtiocfadh leo a bheith caite amach ar taobh an bhealach lá ar bith den bhliain agus gan ceart nó focal acu rud ar bith a dhéanamh fá dtaobh dó. Tá sé doiligh a chreidbheáil ach d ’ éirigh rudaí níos measa i ndiaidh Waterloo. Bhí an chumhacht uilig ag na coilíní agus ní raibh le déanamh ag na Gaeil ach an droch - shaol a fhulaingt. Tháinig an scéal amach go raibh an Tiarna Talún ag iarraidh na daoine uilig ar an Mheall Mhór a chuir as seilbh sa dóigh is go mbeadh talamh aige dona chuid caoirigh. Oíche amháin bhailigh na fir uilig isteach i dteach Pháidí Dhomhnail chun an scéal a phlé. Bhí Páidí agus Proinsí ar aon intinn go gcaithfeadh siad uilig seasamh le chéile ar an cheist seo. Sheas Proinsí agus labhair sé. “ Má éiríonn leis an Meall Mór a ghlanadh amach beidh Gort na Luchóg mar sprioc aige don bhliain seo chugainn. Ní stopfaidh sé ag sin. Beidh Dún Dúbháin fosta ar an liosta agus ‘ ag Dia atá a fhios cá gcuirfidh sé deireadh leis an díshealbhú. ” Labhair Séamaí Joe Mháire, fear as an Chorrach ansin. “ Má tá an ceart ag Proinsí, agus caithfidh mé a rá go n - aontaím leis, thiocfadh leis an leithinis ar fad a bheith ina fheirm caorach gan mhoill. Mar sin de ba cheart go mbeadh muintir an taobh thiar ag an chruinniú seo mar is anois a chaitheas muid uilig seasacht gualainn ar ghualainn. Ní bheidh maitheas ar bith ann dóibhsean a bheith ag tógáil racáin nuair atá muidne uilig ar an tsráid agus na báillí ag an doras acu. Dhéanfaidh mise cruinniú a eagrú leo don oíche amár- ach. ” “ Ní bheidh maitheas ar bith ins an chruinniú sin do mhuintir an Mhill Mhóir ” dúirt Páidí, “ mar beidh siadsan caite amach maidin amárach, is má chailleann muid teach amháin, beimid uilig i gcontúirt. ” Ní raibh greann ar bith i dteach Pháidí Dhomhnail an oíche seo mar is ábhar trom a bhí a phlé acu agus bhí imní na bhfear soiléir ar a n - aghaidheanna. Sheas John Mór John Beag agus d ’ amharc sé thart. Is é an sórt daoine atá ionainn ná daoine a ghlacann le cibé olcas a chuireann na húdaráis mar ualach orainn mar tá barraíocht eagla orainn an talamh a chailliúint. Tá sé le bheith caillte cibé ar bith an t - am seo. Mar sin de caithfidh muid seasadh le chéile agus stop a chur leis an bháille maidin amárach. Cibé cén phlean atá agaibh beidh mise is mo mhadadh libh. ” bhí Feadaímó ag éisteacht le achan fhocal agus anois sheas sé. Bhí sé cúig bliana déag d ’ aois anois agus bhí sé níos mó agus níos láidre ná fear ar bith eile sa chomhluadar. Bhí meas ag na daoine ar Feadaímó agus nuair a abhair sé d ’ éist siad. “ De réir mar chímse rudaí, caithfimid an báille a stopadh sula bhfaigheann sé a fhad linn ar chor ar bith. Sílim gur cheart dúinn seasamh a dhéanamh ar an taobh seo de Charraig Áirt agus ba chóir dúinn muintir an taobh thiar a fháil le seasacht linn. Goitse a Shéimí, bhí tú ag caint faoi chruinniú a eagrú, is anois a chaitheas muid sin a dhéanamh. Chífidh muid an chuid eile agaibh ag a seacht a chlog ar maidin, bíodh bata láidir libh uilig. ” agus d ’ imigh sé féin agus Séimí Joe. Bhí an ghealach sa spéir nuair a chuaigh siad amach agus thóg Feadaímó bata mór darach a choinnigh sé sa bhoitheach. D ’ imigh an bheirt chomh tapaidh is a thi- ocfadh leofa mar bhí achan bhomaite tábhachtach anois. Beidh an chuid eile san chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3