Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 20 Bhí Féile Sheáin Bháin a reáchtáil i mBaile na Finne i mí na Samhna agus bhí imeachtaí éagsúla ar siúl ann. Bhí scór páiste ullmhaithe ag Céim Aniar ón dá scoil agus ón Naíonra le páirt a ghlacadh sa chomórtas dánta. Bhí seo ina chleachtadh agus ina táithí iontach díofa. ‘ Sé seo an chéad bhliain do Chéim Aniar páirt a ghlacadh sa chomórtas agus tháinig siad ‘ na bhaile le cuig bhonn. Tá comórtas dánta eile ann ‘ An Béal Binn ’ do pháistí scoile ó Naíonáin Bheaga suas go rang 6 i mí Márta i nGaoth Dobhair. Beidh scaifte páistí ó Chéim Aniar páirteach sa chomórtas seo chomh maith. Má tá suim ag duine ar bith ann cur scairt orainn ag 9154830.             Tháinig moltóirí an chomórtais “ Gníomh don Ghaeltacht ” ar cuairt chuig na Dúnaibh i mí Dheireadh Fómhair seo thart le bu- aladh le Céim Aniar agus le fáil amach caidé mar a bhí a gcuid oibre ag dul ar aghaidh agus caidé mar bhí ag éirí leis na tógraí éagsúla atá idir lámha acu. Rinne cupla duine de Choiste Céim Aniar cur síos iomlán ar obair an Choiste, go spéisialta le bliain anuas, agus go mór mhór ó thaobh cúrsaí cur chun chinn na teangan i measc teaghlaigh agus páistí óga an cheantair. Ábhar dóchais fósta go bhfuil níos mó da- oine ag baint úsáide as cibí Gaeilge atá acu agus go bhfuil lucht siopaí fonnmhar freastal a dhéanamh tré mheán na Gaeilge ar a gcuid custaiméirí. Fógraíodh torthaí an chomórtais i dteach ósta “ An Chúirt ” i nGaoth Dobhair Déardaoin an 16ú Samhain, agus bhí lúcháir mhór agus bród ar Chéim Aniar nuair a fógraíodh gur bhain siad an tríú áit –teastas agus €4,000 - i Réigiún an Tuaiscirt. Sa phictiúr thuas tá Fíona, Seán Mhicí Ruaidh agus Micí le cuid de na móruaisle oíche an bhronnta. Comhgháirdeas libh, a Choiste Chéim Aniar! Tá obair fhiúntach ar siúl agaibh!       

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3