Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 3 Seo an baile fearainn is faide ó thuaidh i leathinis Ros Goill. Tá achar 396 n-acra sa leathinis agus dhá loch suite ann fosta. Bhíodh portach ann le cuimhne na ndaoine, ach tá an mhóin uilig bainte anois. Bhí cairéal eibhir (granite quarry) ann le linn réime an Tiarna Liatroma ach de réir an tseanchais ghearr sé cáin ar an eibhear a bhíothas a onnmhairiú agus chuir sin deireadh leis an tionscal seo. Tá rianta de na huirlisí a bhí in úsáid le feiceáil go fóill san áit. Is cuid den chloch eibhir seo atá le feiceáil i Lloyds Bank i Kensington i Londain agus an t-eolas faoi fhoinse na cloiche greannta i nGaeilge ar leac i mballa na baince. Is é an Tiarna Phillimore a thóg an banc seo agus is é an fear céanna a thóg Brú na hÓige i dTrá na Rosann. Is dóiche gur seo an ceangal idir an dá áit. Tógadh an teach solais os cionn leath chéad bliain ó shoin agus, i dtús ama, tugadh an ola fá na choinne chomh fada le tí Dhonnchaidhe Mhicheáil i gCluain tSalach agus as sin chomh fada leis an Mheall Mhór ar bhéathach agus cairt agus ar asal agus cléibh don chuid dheireanach den aistear isteach ar Oileán Mhic Réadaigh, áit a bhfuil an teach solais suite. Nach mór an t-athrú ar an tsaol ó shoin! Thóg Rialtas na Breataine túr ar an phointe is airde den leathinis le linn an cogaidh le Napoleon leis an cósta a shábhaíl ó ionsaí ar bith a dhéanfadh na Francaigh. Bhí an túr seo 20 troigh cearnach agus 46 troigh ar airde. Tá cuid de na sean bhallóga le feiceáil ann go fóill. Dheantaí cuid mhór iascaireachta fan Mheall Mhór sa tsean-am agus leoga go fóill, iascaireacht slata agus curaigh ina measc. Sa lá inniu tá na tithe uilig suite ar an taobh thoir den leathinis ach de réir m’eolas is ag taobh an loch beag a bhí an chuid is mó de na daoine ina gcónaí i bhfad ó shoin. Is é an chiall atá leis an ainm Meall ná cnoc agus is dóiche gurb é an cnoc ó thuaidh a thug a ainm don bhaile ghalánta uasal seo. Cé go mbíonn go leor turasóirí le fáíl ann i rith an tsamhraidh thig leat suaimhneas agus síocháin a bheith agat i measc cuan agus cladach, cnoc agus gleann. Gura fada a mhairfidh sé mar seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3