Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 4     Chuaigh mise go scoil Mhíobhaigh in 1939 nuair a bhí mé cúig bliana d ’ aois. Scoil dheas a bhí inti a tógadh in 1923. Dhá sheomra a bhí inti le tine os- cailte i ngach seomra. Ba é sin tús an chogaidh agus bhí gach rud an - ghann. Bhí againn le dhá fhód móna a thabhairt linn ’ na scoile gach maidin fá choinne an tine. Lena chois sin bhí againn le dhul amach agus brosna a chruinniú leis an tine a fháil i gceann oibre. Sin é giotaí do shean dhreasóga, caonach marbh agus cac asail tirim. Bhí an cac asail cuid mhaith níos fearr ná na ‘ peat briquettes ’ atá againn ins an am atá I láthair. Ní raibh a leithéid de rud againne is teas lárnach nó uisce reatha. Bhí an máistir ina shuí ag an tábla, a thóin leis an tine agus a dhroim rósta de, agus muidne inár suí sa tseomra caillte leis an fhuacht. Bhí siorradh gaoithe ag teacht isteach faoin doras a ghlanfadh coirce. Bhí na fuinneoga thart fá cheithre troigh ar airde ón urlár. Bhí siad chomh hard le sin sa dóigh is nach mbeadh muid ag amharc amach. Bhí balla cloiche thart ar an scoil, é tuairim ’ s cúig troigh ar airde agus geafta ard iarainn air. D ’ amharc muidne ar an scoil mar chineál de phríosún ag an am sin. Bhí tobar Charlie Beag Mhicí Eoin thíos faoin scoil agus bhí an tuisce againn le hiompar le buicéad ón tobar go dtí ’ n scoil. Leithreas ‘ wc ’ tirim a bhí againn ar an taobh amuigh den scoil. Bhí sé cosúil le cró na gcearc. Bhí giota leathan adhmaid trasna ó bhalla amháin go dtí an balla eile, agus poll cruinn gearrtha amach as. Nuair a bhí an carnán cosúil le Gáinne Mór agus an poll deas do bheith druidte bhí an t - aoileach le hiompar againn síos go dtí sean teach Mhicí Sweeney le buicéad agus é a spréadh thart. Dúradh go raibh goile maith againn. Is é an páipéar leithrise a bhí againn ná dos féir a tharraingt ar do chosán amach, ‘ sé sin dá mbeadh faill agat agus tú i ndiaidh súisteáil a fháil ón mháistir. Ar mhullach sin uilig bhuail an bhuinneach muid ó am go ham. Déarfainn nach raibh crupán ar bith ar chuid eallaigh Charlie Beag. Nach maith an dóigh a bhí orainn? Bhí go holc agus ní raibh go maith. Bhí an máistir an - trom ar na toi- tíní agus nuair nach mbíodh siad in siopa Chití Bhill bhí againn cur suas leis an chat fabhtach. Bhí Cití Bhill maith dúinn. Is iomaí crág mhilseáin agus píosa aráin le h - im is jam a thug sí dúinn. Bhí seancharr ag a hathair Bill agus deirfinn nach raibh mórán eolais aige faoin dóigh leis an inneall a thoiseacht, agus ó am go ham bhíodh scuad againne amuigh ón scoil le lámh chuidithe a thabhairt do Bhill a charr a chur ar obair. Dá mbeadh na hamanna sin uilig curtha le chéile déarfainn gur bhrúigh muid an carr sin go Leitir Ceanainn agus níos faide. Le cois sin gheobhadh Bill lód móna ó am go ham agus bhí againn le cruach a dhéanamh di. Nuair nach mbíodh toitíní ag Cití Bhill bhí againn dhul suas go dtí siopa Maggie Sharlie Phádraig i gCluain tSaileach. Le cois an tsiopa bhí oifig an phoist ag Maggie agus an t - aon fón fán áit. Gnoithe ar bith a bhí agat ar an fón is í Maggie a rinne an chaint, ba chuma lei dá mbeadh an siopa lán daoine, bhí a fhios ag an bhaile do ghnoíthe. Bhí croí mór ag Maggie agus is minic a thug sí crág mhór mhilseáin dúinn. Is cuimhin liom tráthnóna amháin, Dé Satharn a bhí ann, agus bhí an dorchadas ag titim. Tháinig an bhean seo isteach na siopa ag lorg pacéad starch fá choinne léine a mac le dhul chun an Aifrinn Dé Domhnaigh. Ní raibh ag Maggie ach solas coinnle agus ní raibh sí ábalta é a fháil. “ ní thig liom an starch a fháil ” a dúirt sí. Féach agus faigh an starch a Mhaggie, ” dúirt an bhean eile, “ is maith le mo mhac léine gheal a bheith air Dé Domhnaigh. “ Arú! damnú! ” arsa Maggie, ca tuige nach gcuireann tú geansaí air mar a nímse le Nothaí. ” “ A ! anois a Mhaggie is maith le mo mhacse léine gheal a bheith aige don Domhnach ” dúirt an bhean eile. D ’ amharc Maggie uirthi agus í rud beag tógtha, “ cuir síoda ar ghabhair agus tá sé i dtólamh ina ghabhair. ” An fear a raibh sí ag caint faoi, chan ‘ film star ’ ar bith a bhí ann. Ó Lorda! bhí Maggie gasta leis an spíonóga. Ní raibh muintir an taobh thoir agus muintir an taobh thiar ag fáil ar aghaidh go ró - mhaith lena cheile ó am go ham agus mar sin de bhí muid iontach sásta nuair a d ’ inis an máistir dúinn go raibh muidinne cuid mhaith chun tosaigh ar mhuintir an taobh thiar. Nach cliste a bhí sé, máistir s ’ againne. Proinsí.   Nuair a bhí mé trí Chuala mé iomrá ar Scoil Náisiúnta Mhíobhaigh, Scoil mhór gan solas san oíche,

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3