Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 5 Shíl mé ‘An mbeidh mé ansin a choíche’? Ach tháinig an lá nuair a bhí mé ann, Siúd mé ag amharc ar bhallaí arda bána, Bhí mo charaiceann is mo chroí ar crith, Faoi Dhia! Cá raibh mé ar chor ar bith? Cha raibh i bhfad go raibh mé i rang a haon, Bhí mé breá abálta fá choinne ABC agus 1,2,3. Bhí m’athair ‘s mo mháthair críonna mar mhúinte- oirí, Ach dar leis an Roinn nach raibh siad maith go leor. Cha raibh an t-uisce istigh, Bhi an teach beag amuigh, Bhí tine sa Gheimhreadh, Ach bhí muid costarnocht sa t-Samhradh. D’amharc an máistir, bhí mé socair, Ach bhí ar m’intinn dochar, Ghearr mé slat tráthnóna Dé Céadaoine, Fuair mé an chéad bhuille maidin Deardaoin. Bhí an t-airgead is an bia gann, Ach bhí Johnny Cullen mar mate agam, Bhí mo ghaolta ann ó ndeas is i gcéinn, An gaol ab fhearr ná Nóirín í féin. Ón Mheall Mór shiúil Clann Uí Bhrógáin, Giota goirid a rith muintir Mhic Lochlainn, Ach bhí muid uilig ar an taobh thoir, Ár scoil fhéín againn is ár gcinn san aer. B’éigean do chuid againn dul thar sáile, Daoine eile d’fhan siad fán bhaile, Ar dhóigh amháin nó ar achan ndóigh Don dream óg thiontaigh muid an fód. Rinne an coiste seo gaisce inniu is inné, Ach cumhaigh orthu siúd atá ar shlí na fírinne. Brian Mac Lochlainn (Barnard Bhrianí) Nach uasal an stábla seo thíos? Agus is rí-álainn ar fad na dealbha agus na hí- omhánna atá taobh istigh ann, idir dhaoine agus ainmhithe. Cupla mí ó shoin thosaigh cuid de mhuintir an taobh thoir ar an Stábla agus an Chruib a chur le chéile. Chuaigh seisear nó seachtar acu i gceann oibre, trí nó ceithre oíche achan seachtain i mBaile na Deora ó shoin ar aghaidh agus is é seo an toradh a bhí ar a sao- thar. Eiseamláir sofheicthe é seo ar caidé is féidir le pobal beag a dhéanamh agus iad ag obair as láimh a chéile. Rinne an tAthair Éamonn Mac Lochlainn an Stábla agus a líon tí a bheannú Dé Domhnaigh an 10ú Nollaig ar a 6 a chlog tráthnóna. Lasadh na soilse, tháinig Daidí na Nollag ar Bhriogáid Dóiteáin Charraig Airt agus bhain suas le cupla céad duine sult agus spórt as an chuid eile den tráthnóna sa Síbín Ceoil, idir bhia agus dheoch agus chuideachta. Moladh mór do mhuintir an Taobh Thoir !

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3