Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 6 Tchím na mílte crann Nollag, Thíos sa domhan fúm, Le soilse beaga amhail réalta Flaithis, Ag lonrú sa sneachta úr. Tá an radharc chomh hiontach sin Glanaigí ar shiúl na deora, Mar táim ag caitheamh Nollag Le hĺosa Críost a stórtha! Cluinim amhráin Nollag A bhfuil meas ag daoine orthu, Ach níl comparáid eatarthu sin Agus fuaim an cheoil anseo. Níl cur síos ar chór na bhFlaithis Mar níl insint ar an lúchair A thugann glóir na n - aingeal dúinn. Tá a fhios agam go gcruthnáionn sibh mé Tchím an phian atá in bhur gcroíthe. Ach níl mé an fhad sin uaibh a stórtha, Mar nílimid i bhfad o chéile. Níl insint ar an tsíochán nó an tsuaimhneas Atá i bhfus anseo, I mbliana beidh mé lenár Slánaitheoir Agus mé ar mó sháimhín só. Iarrfaidh mé ar ĺosa Bhur spioraid a lasadh suas, Guígí ar son a chéile Nuair a ardóidh sibh suas bhur súile. Bígí sásta domh a dhaoine chóir Go mbeidh mé i gcuideachta ĺosa Ag Nollaig, an bhliain seo. Chuir mé bronntanais speisialta chugaibh, Ón bhFlaitheas uasal anseo, Sheol mé cuimhní ar leith chugaibh Do mo ghrá daoibh go deo. I ndiaidh an tsaoil, tá an grá Níos luachmhaire ná ór. Bhí sé i gcónái níos tábhachtaí Sna scéalta a d ’ inis ĺosa fadó. Bíodh grá agaibh dá chéile Mar a dúirt m ’ Athair a dhéanamh. Níl insint ar na Beannachtaí Nó A ghrá go fairsing daoibh. Mar sín bíodh Nollaig shona agaibh Agus glanaigí uaibh na deora, Smaoinígí go bhfuil mé ag caitheamh Nollag Le hĺosa Críost a stórtha! Scríobh Cleona Ní Chruadhlaigh an dán seo i mbéarla agus d ’ astraigh a máthair Eibhlín é go Gaeilge Seo pictiúr spéisiúil de Gháinne Mór a dtáinig muid air ar an idirlín. Bhfuil duine ar bith dár léitheoirí ábalta eolas ar bith a thabhairt dúinn faoi, nó faoi na daoine atá ann nó caidé tá ar siúl acu? Bheadh muid buíoch díbh.        

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3