Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 7 Clann Uí Luodhóg - Píolótaí na Maoile Ruaidhe. Maidin Déardaoin an t - aonú lá déag de Mhárta 1937 bhi Michael Joseph Mhicí John agus baicle scolairí eile ar a mbealach ‘ na scoile. Ní raibh amhail ar bith acu ar an soitheach a bhí ag teacht aníos ag Ál na Dualtaí agus í ar a bealach go dtí ’ n muileann i mBaile na nGallóglach le lasta cruithneachta. Ba seo radharc a raibh cleachtadh go leor acu air, na soithí seo ag teacht agus ag imeacht ar an Mhaol Ruaidh. Le linn do na gasúraí a bheith ag teacht anuas mala Ghort na Luchóg shéid adharc an bháid trí huaire agus í ina suí trasna ó chladach Dhún Duáin. Níor thuig siad teachtaireacht shéideadh na hadhairce gur shroich siad teach na scoile. Bhí fear caillte ar an fharraige agus b ’ é an fear a bhí caillte ná Pádraig Shéamais, (Pádraig Ó Luodhóg), píolóta na Maoile Ruaidhe. Pádraig Shéamais Ní fios go cruinn cén bhliain a thosaigh clann Uí Luodhóg ag obair mar phíolótaí ar an Mhaoil Ruaidh ach de réir Johnny, mac Phádraig Shéamais, ba é a shinsheanathair, fear a raibh Eoghan air an chéad duine den bhunadh a tho- saigh ar an obair seo agus gur ag an Tiarna Liatroma a bhí sé fostaithe. Is cosúil go ndeachaigh an Tiarna Liatroma ar lorg píolóta nuair a thosaigh sé ag cur bádaí sa tsiúil idir Rawros agus Glascú thart fán bhliain 1883. D ’ iompar na bádaí seo suas le dhá chéad go leith paisinéir chomh maith le lastaí earraí. Mar sin de chaithfeadh méid bhreá a bheith sna soithí a bhí a dhith don obair seo—soithi gaille a bhí iontu agus ba ainmneacha áitiúla a bhí orthu: an Melmore, an Rosgull, agus an Ganiamore. De thairbhe na bainc ghainimh a bhí sa Mhaoil Ruaidh agus mar go raibh feidhm a bheith ag brath ar an lánmara is cosúil go raibh deacrachtaí ag na soithí seo ag tús ama agus mar a dúirt mé chuaigh an Tiarna ar lorg píolóta. De réir an tseanchais chuir sé agallamh ar thriúr fear agus cuireadh an cheist chéanna ar an triúr acu— ‘ an bhfuil a fhios agat cá háit a bhfuil na bainc ghainimh sa Mhaol Ruaidh? ’ Is cosúil gur dhúirt an chéad bheirt go raibh barúil mhaith acu ach nuair a cuireadh ceist ar Eoghan Ó Luodhóg dúirt sé nach raibh sé ró - chinnte cá raibh na bainc ghainimh ach go raibh sé iontach cinnte faoi na háiteacha nach raibh siad! Dár ndóigh fuair sé an post. An radharc ó theach Uí Luodhóg Bhí Eoghan pósta ar Nancy Mhór Nic Oireachtaigh as Doire A ’ Chasáin agus bhí beirt chlainne acu, Máire agus Séamus Mór agus b ’ é a mhac Séamus Mór a lean leis an obair mar phíolóta. Bhí Séamus Mór pósta dhá uair, ba Bhríd Nic Giolla Chóill as an Raplach an chéad bhean a bhí aige agus i ndiaidh bás na chéad mhná phós sé Sally Nic Giolla Bhríde as Gort na Luchóg. Bhí deichniúr clainne idir an dá phósadh—ochtar gasúr agus beirt ghirseach. Ba é a mhac Padraig a choinnigh traidisiún an phíolóta beo sa teaghlach anois. Bhíodh scéala ag na píolótaí i gcónaí cá huair ba cheart dóibh a bheith ag dúil leis na soithí. Bhí teach chlann Uí Luodhóg, mar atá go fóill, ina shuí i ndeis do chladach Dhún Duáin. Nuair a bhíodh soitheach ar an bhealach léimeadh siad isteach sa churrach agus d ’ iomraíodh siad síos an bá agus théadh siad ar bord thíos fá cheann an Mhill Mhóir—turas a d ’ fhéadfadh a bheith maslach agus contúirteach go leor, ag brath ar an aimsir agus ar an fharraige. Nuair a bhíodh sé ró - gharbh théadh siad ar bord ag Dún Duáin. Ba mhaidin gharbh a bhí ann, maidin an aonú lá dé- ag de Mhárta 1937. Is dócha gur shocraigh Pádraig Shéamais nach raibh dóigh ar bith a dtiocfadh leis a dhul síos an bá agus go rachadh sé ar bord ag Dún

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3