Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 8 Duáin. Léim sé isteach ina churrach don uair dheireannach agus d ’ iomair sé trasna go taobh Fhánada le fanacht leis an soitheach an ‘ Cragsman ’ a bhí ar a bealach aníos an bá. Níl an t - eolas faoi cibé a tharla ina dhiaidh sin iontach cruinn. Ach rud amháin atá cinnte agus sin go ndearnadh iarracht Pádraig Shéamais a thabhairt ar bord an tsoithigh agus eiteoga an bháid ag casadh i rith an ama agus mar a luaigh mé roimhe seo bhí maidin gharbh ann.Is furasta a shamhlú cad é chomh deacair agus a bheadh sé fear a tha- bhairt isteach ar bord ceann de na soithí móra sin amach as currach ar a leithéid de mhaidin. De réir na fianaise a tugadh don choiste cróinéara, a shuigh i gCarraig Airt, caitheadh rópa chuig Pádraig Shéamais agus ina iarracht greim a fháil air thiontaigh an currach agus caitheadh Pádraig san fharraige. Ní bhfuarthas tásc ná tuairisc air ariamh ina dhiaidh sin. Measadh gur tarraingíodh isteach i gcuid eiteoga an bháid é. Bhí Pádraig Shéamais corradh agus trí fichid bliain d ’ aois ag an am. Fuarthas a churrach an lá arna mhárach ag Ceann an Mhill Mhóir. Bhí breithiúnas an choiste cróinéara suimiúil. ‘ The jury, of which Mr. Clarke, Carrigart, was foreman, returned a verdict of accidental drowning, due to a misunderstanding in the throwing of the rope ’ Cad é an sórt ‘ misunderstanding ’ a thiocfadh a bheith ann faoi chaitheamh rópa? Sin rud nach mbeidh a fhios againn a choíche. Ach níl amhras ar bith ná go raibh míshuaimhneas fán áit maidir le bá Phádraig Shéamais mar gur mheas muintir na háite go ndearna an Captaen Pentleton agus a chriú neamart mhór ar bord an tsoithigh an mhai- din áirithe seo. Bhí Pádraig Shéamais pósta ar Susan Nic Giolla Bhríde, as Leathad Beag, i bhFánaid agus bhí seisear clainne acu—triúr mac agus triúr iníonach. Duine de na mic ab ea Johnny a chuaigh i gcion oibre mar phíolóta nuair a cailleadh a athar. Tá mé cinnte go raibh aithne mhaith ag mórchuid dár gcuid léitheoirí ar Johnny agus macasamhail a mhuintire roimhe chaith sé a shaol ar an Mhaoil Ruaidh ag tabhairt soithí go Baile na nGallóglach le cruithneacht nó go Rawros fá choinne prátaí póir. Bhí aithne mhaith agam fhéin ar Johnny dar ndóigh mar go raibh sé pósta ar aintín domh, Winnie, agus is iomaí oíche ar feadh blianta a chaith sé féin agus Winnie ag airneáil sa teach. Caithfidh mé a rá go raibh lúchair mhór orm i gcónaí iad a fheiceáil ag teacht mar go raibh seanchas iontach in Johnny agus bhí sé de bhua aige a bheith ábalta craiceann maith a chur ar scéal! Ní iontas ar bith gur bhain Leslie Lucas úsáid mhór as mar fhoinse mar go raibh Gaeilge den scoth ag Johnny agus thiocfadh leis focla úra a chruthú fosta ! Johnny Phádraig Shéamais Bhí lúchair orm féin an deis a fháil sna seachtóidí turas a dhéanamh suas an Mhaoil Ruaidh leis ar cheann de na soithí. Chuaigh muid ar bord ag Rath Mhaoláin mar nach raibh captaen an tsoithigh ar an Mhaoil Ruaidh ariamh cheana. Ag teacht isteach bé- al na Maoile Ruaidhe ‘ sé an rud is mó ar chuir mé sonrú ann ná gur ón talamh is mó a bhí Johnny ag fail treoir agus ba sin an dóigh a bhí sé an bealach ar fad isteach go dtí an muileann i mBaile na nGal- lóglach. Is cuimhin liom go fóill cad é a dúirt cap- taen an tsoithigh le Johnny nuair a shroich muid Baile na nGallóglach, ‘ sé sin go mbeadh cuid pío- lótaí an Mersey ina bhfir saibhre dá mbeadh orthu turas casta na Maoile Ruaidhe a dhéanamh. Ní dhearna Clann Uí Luodhóg saibhreas ar bith ag obair mar phíolótaí ar an Mhaoil Ruaidh ach bhí bród orthu as a gcuid oibre agus an lá a dúirt Eoghan Ó Luodhóg leis an Tiarna Liatroma nó lena ghníomharthaí go raibh a fhios aige na háiteacha nach raibh na bainc ghainimh bhí an ceart aige agus Bá Dhún Duain
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3