Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 9 chuaigh an t - eolas sin ar aghaidh ó ghlún go glún. Nuair a fuair Johnny bás sa bhliain 1983 thiocfaí a rá go raibh deireadh ré tagtha, bhí ré na bpíolótaí ar an Mhaoil Ruaidh thart. Ní raibh prátaí póir a n - onnmhuiriú níos mó agus bhí deireadh ag teacht le muileann Bhaile na nGallóglach. Leac cuimhneacháin a chur clann Uí Luodhóg suas in ómós do Phádraig Shéamais, an fear a cailleadh. Tá sé deas go bhfuil teach an phíolóta i gcuid láimhe bhunadh chlann Uí Luodhóg go fóill, sin Susie, iníon Johnny agus a fear céile Séamas Kelly agus a gclann ---- an teach sin ar chladach Dhún Duáin as a dtáinig ceithre ghlún d ’ fhir a chinntigh gur shroich na soi- thigh uilig a chuaigh suas an Mhaoil Ruaidh ceann scribe go slán sábháilte.Rinne siad seo ar feadh cor- radh agus céad bliain. Sé seo an chéad bhliain do Chéim Aniar páirt a ghlacadh san Oi- reachtas agus bhí 10 nAgallaimh Beirte againn ann. ‘S iad páistí as rang a cúig is rang a sé ó Scoil Naomh Bríd agus Scoil Cholmcille a bhí ag déanamh na nAgallamh. Bhuaidh beirt acu an dara h-áit sa chomortas faoi 12. Cupla Reabhlóga Tá neascóid ar ioscad an easpaig. Ach níl a fhios ag an easpaig go bhfuil neascóid ar a ioscaid. oooo D'ith damh dubh ubh amh ar neamh. oooo Arsa Doug beag bog: ""Rug gob beag bog gog beag bog."" Tá sé mar sprioc againn Féile bheag agallaimh beirte agus dánta a reáchtáil ar an bhliain seo chugainn “ 2007”roimh an Oireachtais. Beidh muid ag tabhairt cuireadh do scoileanna an iar-thuaiscirt agus cúpla scoil ón Tuaisceart.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3