Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 10 Tá Seachtain na Gaeilge thart do bhliain eile, agus mar is eol díbh bhí neart imeachtaí beartaithe ag Céim Aniar leis an tréimhse seo a cheiliúradh agus le fáil a thabhairt don phobal bheith páirteach sna h - ócáidí éagsúla agus sult a bhaint astu. Bhí “ Maidin Chaifé as Gaeilge ” mar cheann de na h - imeachtaí seo i gcomhar le Meitheal Mhíobhaigh don dá Naíonra agus d ’ éirigh thar barr leis. Tógadh €430 ar an lá. Bhí arán baile ann, cístí de gach cineál, píógaí úll agus uachtar, agus bunnóga agus toirtíní a chuirfeadh uisce le do chár. Míle buíochas do na daoine uilig a rinne an bacáil galánta seo, go mórmhór Kate, Siobhán, Bríd agus Bridie. Caithfidh sé go raibh siad ina suí ag obair i rith na oíche! Fósta do Sheachtain na Gaeilge bhí comórtas fuinneoga siopaí agus gnóanna sna Dúnaibh agus i gCarraig Airt agus seo thuas an buaiteoir—An Poitigéir I gCarraig Airt. Comhghairdeas libh - mar a fheiceann sibh bhí taispeántas iontach acu!! Seo thíos cuid de na cinn eile.. Cuireadh tús le ranganna amhránaíochta agus uirlísí traidisiúnta ar na mallaibh in Áras Ros Goill, agus go dtí seo tá os cionn triocha duine ag freastal ortha. Tá súil againn go rachaidh siad ó neart go neart, agus go gcuirfear de réir a’ chéile leis an mheas agus an tuigbheáil atá sa cheantar seo ar ár gcultúr dúchasach, chomh maith le ceoltóirí agus amhránaithe óga úra a thabhairt chun tosaigh. Seo leanas na sonraí faoi na ranganna éagsúla: 1 Amhránaíocht: An Luan 5pm-6pm le Máire Ní Chuilinn 2 Feadóg Stáin: An Mháirt 3.30pm-4.15pm le Siún Uí Ghallchóir An Mháirt 3.30pm-4.15pm le Aoife Ní Dhochartaigh An Mháirt 5.00pm- 6.00pm le hAingeal Nic a’ Bháird 3 Fideal agus Bocsa Ceoil: An Mháirt 4.15pm-5.15pm le Siún Uí Ghallchóir Fáilte roimh dhaoine úra agus mar tá ráite thuas, tá na ranganna seo uilig ar siúl ag Céim Aniar in Áras Ros Goill, Na Dúnaibh — fón 9154830.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3