Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 12 Scoil Naomh Bríd Scoil Cholm Cille Seo thuas agus ar chlé cuid de na daltaí ó Scoil Naomh Bríd agus ó Scoil Cholmcille a bheas ag dhul siar go Gaoth Dobhair ar an 31ú Márta le páirt a ghlacadh sa chomórtas “ An Béal Binn ”. Tá an comórtas seo á reachtáil i bPobalscoil Ghaoth Dobhair agus tá 7 Roinn éagsúil ann, ó na Naíonraí suas go dtí daltaí na hArd- teistiméarachta sna scoltachta darna leibhéal. ‘ Sé tá le deánamh acu dán Gaeilge a aithris, agus tá siad uilig go díograiseach ag foghluim a gcuid línte! Ádh mór oraibh uilig agus bainigí sult agus tairbhe as an lá. Maith sibh a phaistí!! reabhlóga An bhfacha tú an bacach, nó an bhfacha tú a mhac? Ní fhaca mé an bacach is ní fhacha mé a mhac, ach dá bhfeicfinnse an bacach nó dá bhfeicfinnse a mhac, ní bhacfainn leis an bacach is ní bhacfainn lena mhac! Go mbéadh seacht shliocht ag sliocht do shleachta. Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat. Meallann muilte Dé go mall ach meallann siad go mion. Le tamall anois is é mo thuairim gur ceart ‘ Teacht Le Chéile ’ a bheith againn i Rosguill. Tá na mílte daoine ar fud an domhain a bhfuil baint acu le Rosguill trí athair nó máthair, seanathair nó seanmháthair. Cuid de na daoine sin b ’ fhéidir nach bhfuil a fhios acu go bhfuil muintearas acu le Rosguill. Is é an rud atá i gceist anseo ná cuireadh a thabhairt don ‘ Rosguill Diaspora ’ filleadh abhaile faoi choinne seachtain nó coicís. Is é an chúis gur cheart dhá bhliain ar a laghad a ghlacadh ná go mbeadh am ag daoine a gcuid laethanta saoire a eagrú le comhthárlú leis an Teacht Le Chéile agus fosta go mbeadh am acu an t - airgead a shábháil leis an turas a dhéanamh. Go cinnte, is tionscnamh an - mhór a bheadh ann agus ghlacfadh sé cuidiú iontach mór ó léar mór daoine. Seo rud go mbeadh baint ag an phobal go léir leis. Tá duine muinteartha ag achan duine taobh amuigh den leithinis, den chondae nó den tír. Le linn seachtain nó coicís an ‘ Teacht Le Chéile ’, ba cheart cúrsaí cultúrtha an lae inniu a bheith ag dul ar aghaidh, agus an saol a bhí ann a cheiliúradh fosta. Ceapaim féin go dtabharfadh ócáid mar seo uchtach mór don cheantar agus go dtabharfadh sé spiorad pobail agus bród ar ais do mhuintir Rosguill. Má tá duine ar bith eile a shíleann gur smaoineamh maith atá ann agus go mbeadh suim agaibh go rachadh an ocáid chun tosaigh ba mhaith liom cloisteáil uaibh. Seamus MacGiolla Cheara - 087 2565977
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3