Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 13  Ag tús an 19ú aois bhí na Tiarnaí Talún sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn ag amharc ar dhóigheanna lena gcuid eastáit a dhéanamh níos torthúla agus níos tairbhí. Sa bhliain 1809 bhí os cionn milliún acra talaimh ag an Tiarna Talún Sutherland i nGarbhchríocha na hAlban agus chaith sé na mílte as seilbh agus chuir sé caoirigh isteach ar an talamh ina n - áit. Chonaic na Tiarnaí Talún in Éirinn cad é chomh maith is a d ’ obair seo dó agus thosaigh siad ag amharc ar a gcuid tailte féin, go háirithe sna háiteacha a raibh an talamh is measa cosúil le Iarthar agus Iar - Thuaisceart Thír Chonail. I ndiaidh cath ‘ Waterloo ’ sa bhliain 1815 chuaigh an t - iomrá amach i Ros Goill go raibh an Tiarna Talún ag iarraidh na daoine uilig ar an Mheall Mhór a chur as seilbh sa dóigh is go mbeadh talamh aige dona chuid caoirigh. Oíche amháin bhailigh fir an taobh thoir uilig isteach i dteach Pháidí Dhomhnail chun an scéal a phlé agus shocraigh siad seasamh in éadan na mbáillí ar thaobh Ros na Binne de Charraig Áirt agus go gcruinneoidh siad uilig ansin roimh a seacht a chlog maidin lá arna mhárach. Chuaigh Feadaímó agus Séamaí Joe Mháire siar an bealach le muintir an taobh thiar a spreagadh chun seasacht leo, mar bhí a fhios ag achan duine dá n - éireodh leis an Tiar- na seilbh iomlán a fháil ar an Mheall Mhór go mbeadh sé mar sprioc aige díshealbhú iomlán a dhéanamh i leithinis Ros Goill. Bhí an ghealach ar bharr Gháinne Mhór agus oíche breá shoiléir ann nuair a shiúil Feadaímó agus Séamaí isteach go Doire A ’ Chasáin. Bhí fir Dhubhaigh agus fir an Aird Bháin leo agus bhí bunadh achan teach i nDoire A ’ Chasáin ina suí leis an challán a bhí madaí an bhaile a thógáil. Chuir Néill Dhoncha Mhóir a cheann amach thar an leathdhoras agus é ag cuimilt an codlata as a shúile. Bhí madadh s ’ aige ag dul ar mire taobh istigh agus é ag déanamh achan iar- racht fáil amach thar an leathdhoras. “ Socraigh Spot ”, scairt sé, agus greim muineál aige ar an mhadadh, agus é ag an am céanna ag cur air a bhuataisí. “ An bhfuil na Francaigh sa bhá nó caide ” a dúirt sé. D ’ amharc sé ar Feadaímó agus ar an shlua a bhí a leanúint. “ Bhuel a Fheadaímó, caide, faoi Dhia, atá ag dul ar aghaidh anseo? Ar bhris Napoleon amach arís ”? “ De réir mar a thuigimse rudaí a Néill, ní bheidh Napoleon ná duine ar bith eile ag teacht le cuidiú a thabhairt dúinne níos mó. Caithfimid troid dár gcuid fhéin a dhéanamh an t - am seo ”, d ’ fhreagair Feadaímó. Bhí clann Néill uilig ina suí faoin am seo agus bhí bean s ’ aige ina sheasamh le leanbh a bhí ag sceam- hlach ina lámha aici, ag amharc amach thar a ghualainn agus beirt eile de na páistí ag brú isteach roimh Néill ag déanamh iarracht amharc amach thar an leathdhoras. “ Char mhothaigh mé a leithéid de chlampar ó dódh teach Bhidí Sheáin ” dúirt Néill agus é ag cur an darna buatais air. “ Coinnigh greim ar an mhadadh bomaite a Cháit agus cuir thusa na páistí isteach a ’ luí ar ais ” D ’ oscail sé an leathdhoras agus amach leis. Bhí fir eile an bhaile ag bailiú faoin am seo agus chan róshásta a bhí siad mar bhí achan teach bun os cionn. Fear mór láidir a bhí i Néill agus sheas sé ar charraig mhór in aice an chairn aoiligh agus chuir sé a dhá láimh in airde. “ Coinnígí socair a fheara go gcluinfimid scéal na beirte seo. Tá mé cinnte nár mhuscail siad an baile le beannachtaí Dé a rá linn uilig ”. Shocraigh an slua agus léim Feadaímó suas ar an charraig le taobh Néill. “ A fheara chuir mé sibh amach as bhur leapacha anocht, ach in áit feirge a bheith oraibh siocair cúpla uair chodlata a chailleadh ba chóir daoibh buíochas a thabhairt do Dhia go bhfuil a leithéid de rud agaibh is leaba. Níl Oíche Shamhna ach coicís ar shiúl agus beidh sibh in bhur suí cois tine i bhur gcuid dtithe fhéin ag éis- teacht le scéalta agus ag baint sult as comhluadar bhur gcomharsana. Ach, cá mbeidh sibh ar an bhliain seo chugainn? Cá mbeidh bhur gcomharsana? Tá, scaipthe deirfinn. Tá cuid báillí an Tiarna Talún chun muintir an Mhill Mhóir a chaitheadh amach as a gcuid tithe maidin amár- ach ”. Scanraigh na focail sin na fir mar ba é an díshealbhú an rud ba mó a luí go trom ar a n - intinn ar na laethibh sin. Bhí daoine a caitheadh amach as seilbh ar na leithscéalta is laige agus ní raibh duine ar bith sábháilte. “ Má éiríonn leo sin a dhéanamh a fheara, ” dúirt Feadaímó ag tógáil a ghlór, “ cén áit a stopfaidh na báillí céanna. Beidh siad i nGort na Luchóg ar an tseachtain seo chugainn agus thiocfadh leo a bheith anseo i nDoire A ’ Chasáin roimh an Nollaig. Síleann an boc mór é féin nach mbeidh deacracht ar bith aige ar an Mheall Mhór mar go mbeidh barraíocht ea- gla orainn seasacht ina éadan ”. “ Agus nach bhfuil an ceart aige ”? Tháinig an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3