Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 14 scairt seo ó chúl an tslua, agus thiontaigh na fir uilig. Shiúil fear chun tosaigh agus d ’ aithin Feadaímó Stiofán Bhidí ag teacht ina threo. Fear ard cruachaol a bhí ann agus ba duine é a thug muintir an bhaile a sá fairsinge dó go hairithe nuair a bhí braon istigh aige, rud a bhí amhlaidh anois. Baitsiléir a bhí ann a raibh píosa de screabán aige, a raibh cothú bó amháin ann amuigh i mBaile an tSléibhe. Chuir sé a cheann in airde agus d ’ amharc isteach idir an dá shúil ar Fheadaímó. “ Chan inniu ná inné a rugadh mise a ghasúir, is chan fhaca mé aon duine ariamh fán cheantar seo ag seasacht in éadan an Tiarna Talún agus an bhfuil a fhios agat cad chuige ”? Cha dtáinig freagra ar bith ó Fheadaímó. Léim Stiofán suas ar an charraig. Bhí dhá shúil dhearga fhiánta ina chloigeann agus thit ciúnas ar an slua. “ Bhuel, inseoidh mise duit cad chuige. Mar níl aon fhear fán íochtar, seachas mé fhéin a dtiocfadh leis a láimh a chur in airde is a rá gur laoch de chuid na nDálach a bhí ann. Agus cad chuige a mbuairfinnse mo chloigeann faoi dhrochádh mhuintir an Mhill Mhóir ”. “ Ní seo fadhb an Mhill Mhóir amháin a Stiofán ”, a dúirt Feadaímó, “ agus muna seas ”… Bhris Stiofán isteach air. “ Druid thu- sa do bhéal a ghasúir. An síleann tusa go bhfuil tú dhul a mháirseáil isteach is amach fríd an taobh thi- ar anseo ag screadach is ag tógáil racáin agus nach bhfuil duine ar bith ar an taobh seo den chnoc chun smacht a chur ort. Chuaigh Néill Dhonncha Mhóir idir an bheirt agus chuir sé a lámh ar Stiofán. “ Níl feidhm ar bith leis an chineál sin cainte, a Stiofáin ” a dúirt sé. “ Níl Feadaímó anseo chun …” Chan fhuair sé an darna focal amach as a bhéal. Bhuail Stiofán é faoin smig agus thit Néill ar cúl ina chnap ag bun na carraige. D ’ éirigh monabhar feirge ón tslua i ndiaidh dóibh an buile fabhtach seo a fheiceáil. Níor thug Stiofán aird ar bith ar seo agus thiontaigh sé ar Fheadaímó. “ Anois a chailleach, cé thusa le bheith ag insint dúinne cad é le déanamh? Eh? Níl ionat ach coileán seanaimsire de ghasúr dí- mhúinte nach bhfuair ariamh ceacht smachta, ach tá tú san áit cheart anois agus tá ’ n múinteoir anseo os do choinne ”. Tharraing sé a dhorn le hiomlán a nirt agus rinne iarracht Feadaímó a bhuaileadh idir an dá shúil. Bhog Feadaímó leathchéim ar dheis agus thit- feadh Stiofán ón charraig ach ab é gur rug Feadaímó greim gualainne air. Thóg Feadaímó é ansin ón talamh mar a bheadh uan seachtaine ann agus chaith sé é síos díreach ar mhul- lach a chinn isteach sa chairn aoiligh. Ní raibh a dhath le feiceáil de Stiofán ach a shean bhróga caite agus b ’ fhéidir deich n - orlaí de bhrístí cifleoga. D ’ éirigh racht gáire ó na fir agus ní raibh deifre ar bith ar dhuine ar bith acu cuidiú a thabhairt dó. “ Ró - mhaith aige ” scairt fear amháin agus “ b ’ fhiú oíche codlata a chailleadh le sin a fheiceáil ” dúirt fear eile. Phlúchfaí Stiofán Bhidí an oíche sin ab é gur chur Séamaí Joe Mháire píosa de shean phlanc trom ar an charn aoiligh agus thug fear as Dub- haigh cuidiú dó é a tharraingt amach. Sheas an fear bocht ar an talamh tirim agus é ag puthaíl. Bhí sé clúdaithe in aoileach ó bhun go barr agus ní mó ná go raibh sé ábalta a shúile a oscailt agus é ag déanamh iarracht fáil ar shiúl ón mhagadh agus ón gháire searbh. Tugadh neart fairsinge dó agus é ag déanamh a bhealach fríd an slua ach ní anois de thairbhe eagla a bheith roimhe ach de thairbhe an boladh fiánta a bhí amach as. Níor chuir Feadaímó an darna sracfhéachaint air ach go díreach thosaigh sé ag caint arís. “ Mar a dúirt mé a fheara, ní seo fadhb an Mhill Mhóir amháin. Caithfimid uilig seasacht le chéile. Anois tá muid uilig ag cruinniú ar an taobh seo de Charraig Airt ag a seacht a chlog ar maidin. Níl mórán am fágtha. Tá sibh linn nó níl; ach caithfidh mise imeacht anois agus muintir na mbailte fearainn eile a bhailiú. Ar dtús bhí ciúnas agus ansin thosaigh corr scairt thall is abhus. “ Tá mise leat a Fheadaímó ” ó fhear amháin. “ Muintir an íochtair, is dream amháin sinn ”, ó ffear eile agus de réir a chéile d ’ éirigh an gleo go dtí go raibh achan fhear ag scairteadh agus ag gealladh a thacaíochta don chúis. Léim Feadaímó anuas agus shiúil sé leis i dtreo na nDúnaibh agus an lá ag bánú thoir. Bhí os cionn céad fear leis nuair a thug sé a aghaidh ar Charraig Airt agus d ’ fhág sé cnoc na Muirleoige ina dhiaidh. “ Gheobhaidh na baillí gonc maidin inniu ” dúirt Néill Dhonncha Mhóir. Bhí sé i gceart arís agus gan air ach náire gur lig sé do dhuine ar bith é a bhuaileadh go furasta sin. Bhí Feadaímó ag amharc isteach ar Loch An Chéide. Nuair a chuala sé glór catha thuas ar Mhallaigh an Rí. Thiontaigh sé ar chlé gan focal agus thosaigh sé ag rith. Lean an slua é agus nuair a shroich siad an cosán uachtarach chonaic siad an troid thíos fúthu. Beidh an chuid eile ins an chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3