Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 15 Is é Peacadh Cholmcille ainm an dráma a bhfuil aisteoirí Mhíobhaigh ag obair air i mbliana. Tá an dráma a scríobh Proinsias Ó Cuilinn bunaithe ar eachtra cáiliúil a tharla le linn ré órga na Éirinn, nuair a bhí mainistreacha agus manaigh i réim agus scoileanna acu a raibh cáil agus cliú orthu agus a raibh micléinn ag tarraingt orthu ó Mhór Roinn na hEorpa. Níl mórán Éireannaigh nár chuala faoin bhreithiúnas a thug Ard - Rí na hÉireann ar an chóip a rinne Colmcille de leabhar Naomh Fhinghín --- ‘ Is le gach bó a gamhan, is le gach leabhar a cóip ’. Thosaigh na haisteoirí ar an chleachtadh thart fá mí sula deachaigh siad ar stáitse don chéad uair thíos ins an Ceathrú Rua i nGaillimh ar an Satharn 24ú Márta. Tháinig Domhnall Mac Giolla ‘ Easpig isteach i mbliana chun an léiriú a dhéanamh agus rinne sé scoth na hoibre. Is fear ar dóigh é Domhnall a bhfuil an cheird ar eolas aige agus thaitin sé go mór leis na haisteoirí. D ’ éirigh go maith linn an chéad oíche ar stáitse agus bhí muid ag súil go mbeadh oíche mhaith againn sna Dúnaibh ar an Aoine 30ú lá Márta. Mar is eol díobh is drámaí grinn don chuid is mó a rinne Aisteoirí Mhíob- haigh roimhe seo agus ní raibh a fhios againn in dáiríre cad é ’ n dóigh a rachadh sé sa choláiste. Mar a tharla thaitin sé go mór leis an lucht féa- chana, rud a chuir lúcháir orainn uilig agus beidh a fhios againn ar an 9ú lá de Mhí Aibreáin cé acu bhfuair muid fríd go dtí an Fhéile Náisiúnta nó nach bhfuair. Tá an fhéile sna Dúnaibh i mbliana mar sin de tá shúil againn uilig go mbeidh muid ar an ardán ar ais le Peacadh Cholmcille. Peacadh Cholmcille.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3