Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 16 Coirneál Thuaithail. Seo Proinnsí uair amháin eile agus é ag aislingeacht. Bhí mé ag caint le Columba Ó Bu- aidhe ar shráid Charraig Airt ar an tseachtain seo caite agus creidim go raibh suim go bráth aige sa chuntas a thug mé san eagrán dheireanach ar mo chuid ama ar scoil Mhíobhaigh nuair a bhí mé óg, chan sin inniu na inné! Bhí iontas mór air go raibh againn le brosna a chruinniú agus dhá fhód móna a bheith faoinar n - ascaill achan mhaidin do thine na scoile. Bhí iontas mór air fosta fán chuntas a thug mé faoin chác asaile, ’ sé sin go raibh sé cuid mhaith níos fearr ná na Peat Briquettes atá ag Bord na Móna. Ní ag magadh atá mé! Bhí mé ag aislingeacht aréir ar an dóigh is fearr domh a dhul ‘ un tosaigh leis an scéal seo. Tá monarcha ná beirt druidte síos sa cheantar seo anois agus b ’ fhéidir gur chóir dúinn amharc faoi thionscal trom nó éadtrom a chur ina n - áit. Tá cuid mhór tithe saoire thart fán áit seo anois agus plasóg dheas féir taobh amuigh díobh uilig. Dá mbeadh scuaine asal againn thiocfadh linn iad a chur ar téad sna plasóga seo agus cíos €20 a chur ar achan teach lena gcuid féar a ghearradh dóibh. Ansin thiocfadh linn málaí beaga deasa a dhéanamh i gceann de na monarchana seo atá dru- idte agus iad a chrochadh faoi ruball na n - asal leis an t - aolach a chruinniú. Bheadh uaim agus cléi- bhe againn do na hasail fosta agus nuair a bheadh lód cruinnithe againn thiocfaí é a thabhairt go dtí an mhonarcha le é a thriomú. Tá scéal ag dul thart fá na Dúnaibh go bhfuilear chun seanola cócaireachta a athchúrsáil i gceann de na monar- chana atá druidte. B ’ fhéidir gur cogar atá sa scéal seo. Ach más rud é go bhfuil fírinne ar bith sa scéal seo thiocfadh linn an các asaile a thu- madh san ola dhóite seo. Bheadh sé iontach maith fá choinne an tine a lasadh agus bheadh boladh deas ‘ éisc agus slise- oga ’ as. ( fish and chips). Chuirfeadh seo ocras mór ar na Yanks --- Seo áit a mbeadh margadh! Thiocfaí é a chur isteach i bpacáistí deasa, pictiúr asail agus cúpla seamróg ar na cluasa ar thaobh amháin, agus pictiúr deas de chraos mór tine ar an taobh eile --- ‘ Irish Natural Briguettes for a Homely (Hungry) Fire ’. Nuair a bheadh sin dé- anta thiocfaí toiseacht a easpórtáil go Meiricea chuig George Bush. De réir na dtuairisc a chonaic mé sna páipéir tá Bush le cuid de na dochtúirí ‘ spin ’ a chur anall anseo don Olltoghachán i gceann cúpla mí agus is dócha go mbeidh lasta mór các tairbh anall leo. Deirfinn go bhfuair Mc Dowell agus Rabitte an chéad lasta a tháinig, de réir a gcuid cainte. Tá súil agam nach mbíonn na polaiteoirí s ’ againne ag teacht thart anseo agus an ‘ stuff ’ sin leo mar go bhfuil mé den bharúil go bhfuil go leor dó fá na Dúnaibh de réir na mná sin as an cheantar seo a bhí ar ‘ Highland ’ le gairid. Comhgháirdeachas leí. Tá misneach aici. Comhgháirdeachas le Co- lumba fosta as an obair mhór atá ar siúl acu fá Charraig Airt. Láinseál Dlúth-Cheirnín Cúpla seachtain ó shin láinseál John McNutt dlúthcheirnín sa Chaifé Blend i Leitir Ceannainn. Amhránaí agus cumadóir breá, a bhfuil bród mór ar mhuintir Rosguill ar is ea John. Le blianta anuas tá John ag tarraingt custaiméirí is- teach i dtithe tábhairne an cheanntair agus é ina shuí go modhúil muiníneach i gcóirnéal ag ceol amhrán, mór chuid acu a chum sé fhéin, agus glór bog binn aige a thógfadh an croí asat, mar a dhéanann an chuach ar theacht an tsamhraidh. Anois beidh deis ag daoine i bhfad ‘s i gcéin éisteacht le binnghuth John. Tá an dlúthcheirnín thar barr agus meascán iontach amhrán air. Cuid acu meidhreach, cuid acu fealsúnach agus cuid acu brónach mar atá “Christmas Truce 1914” – an t- ainm a thug sé ar an dlúthcheirnín. Tá an chéad CD “ This place and time” amuigh anois le cúpla bliain. Tá an ceol ar an CD seo fíor- chosúil le “ceol na síogaí” agus mu- na bhfuil nóta ceoil i do chorp ná i d’anam, níl agat ach an muinchille a léamh, agus cha bhí- onn sin le rá agat feasta. Guímid gach rath ar John leis an CD. Tá sé ar fáil sna h-áiteacha seo leanas: Óstán Charraig Airt, An Síbín Ceoil, Oifig an Phoist, Glen Bar agus Siopa Joy.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3