Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 17 Lus an Chromchinn (narcissus pseudonarcissus). Planda dúchais is ea Lus an Chromchinn sna coillte ar mhór - roinn na hEorpa, ach is iad na daoine a thug isteach go hÉirinn é. Fásann sé i scataí móra sna coillte agus ar thallamh féaraigh. Bíonn sé faoi bhláth ó Mhárta go hAibreán; bíonn crot an trumpa agus dath buí ar na bláthanna. Fásann Lus an Chromchinn ó bhleibíní sa chré. Tá nimh ann, do dhaoine is d ’ ain- mhithe, agus tugtar Lus an Aisig air chomh maith. An Capall Glic — La Fontaine Bhí madadh rua óg ag siúl faoin tuath lá amháin nuair a chonaic sé capall den chéad uair riamh ina shaol. Ach cé go raibh sé óg, bhí an madadh rua seo glic go leor. Chuaigh sé a fhad le mactíre agus arsa seisean leis : “Tar liom, a chara, go bhfeice tú seo. Tá an t -ainmhí is deise dá bhfaca tú riamh ag innilt thall anseo: ainmhí mhór álainn atá ann.” “ Cad é an seort ainmhí atá ann ?” arsa an mactíre. “An bhfuil sé níos mó agus níos láidre ná sinne ? Cuir síos air, le do thoil !” “Ní file mé,” arsa an madadh rua, “agus ní thig liom cur síos go maith air, ach tar liom go bhfeice tú é. Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir gurbh é Dia a chuir chugainn é, ó tharla go bhfuil ocras orainn.” Chuaigh sé ar aghaidh agus lean an mactíre é. Nuair a tháinig siad a fhad leis an chapall, bhí sé siúd ag innilt leis, gan aird dá laghad aige ar an bheirt chuairteoir a bhí ag amharc air. “A dhuine uasaill,” arsa an madadh rua leis an chapall, “ba mhaith linn a fháil amach cad é an t- ainm atá ort.” Ach ní raibh an capall chomh bómánta agus a shíl siad, agus arsa seisean leo: “A chairde, scríobh an gabha m’ainm ar bhonn mo choise: thig libh é a léamh agus fáilte.” “Ar an drochuair,” arsa an madadh rua, “bhí m’athair is mo mháthair beo bocht agus ar an ábhar sin ní bhfuair mise scolaíocht ar bith. Ach tá mé cinnte go bhfuil léamh agus scríobh ag an mhactíre anseo.” Mheall an béal bán seo an mactíre agus chuaigh sé anonn chuig an chapall. Ach, ní luaithe a chrom sé síos leis an bhonn a léamh ná thug an capall speech san aghaidh dó. Caitheadh siar ar shalta dhroma é agus chaill sé cuid mhaith fiacla. “A chara,” arsa an madadh rua leis, “sin ceacht maith duit: cruthaíonn sé gur cheart don fhear chríonna amhras a bheith air fán rud nach dtuige- ann sé.” Comórtas Scríobh Leabhar Ghlac rang 3, 4, 5 & 6 ó Scoil Naomh Bríd páirt sa Chomórtas Scríobh Leabhar 2007 i gcomhair le Bórd na Leabhar Gaeilge. Bhí éagsúlacht scéalta, dathanna agus ealaíon in achan leabhar. Thug na múinteoirí cuidiú agus treoir do na páistí ach is iad na páistí féin a chur an obair is- teach. Ba mhaith linn comhghairdeas a gabháil le na páistí seo thíos as gradam a bhaint amach sa tionscnamh. Bronnadh teastas agus bonn galánta orthu uilig in Óstán Loch Altan i nGaoth Dobhair ar an 29 Márta 2007.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3