Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 18 Feis Thír Chonaill Tá Clann Chonaill le chéile inniu ar Lá Fhéile na nAspal ba chéimiúla san eaglais a bhí. Ag súil is ag féachaint le dúthracht is éifeacht, go mbuanófar Gaeilge in Éirinn choíche. I bparóiste Mhíobhaidh níor tréigeadh ariamh í, is ní ligfear chun díobhaidh í i gcríochaibh Ros Goill. Dá ndéantaí mar an gcéanna i ngach ceantar d ’ Éirinn Bheadh iomlán na tíre fíor - Ghaelach inniu. Tá maise ó nádúr go fairsing san áit seo, Mínte is trághanna is cúr geal na dtonn. Aibhneacha is altáin is machairí breátha, Is na hardchnoic ag stánadh ar Fhánaid anonn. Daoine suáilceacha lácha mar ba dual don Ghaeltacht, Is iad a leithéidí riamh sa tseanaimsir a bhí Aer folláin sléibhe is farraige in éineacht Is gach aoibhneas is pléisiúr ba mhian le do chroí. Amuigh thíos in aice an chósta tá mórchaisleán tigh ósta Is ann gheofá lóistín bheadh seascair is sámh. Dá mbeicfeá ann i lár séasúir, bheadh agat sárphléisiúr Le spaisteoireacht, iascaireacht, cluichí is snámh. Ach bhí áit ní ba mhó is ní ba dheise faoi dhó San bhall seo fadó ag an Ardtiarna Boinn Go dtáining air léiscrois aníos ó na méiltibh A d ’ fhág é ina bháinsigh mar a chimed anois romhainn. Áit oiliúna don chléir ‘ sea an ceantar go léir Is tháinig dá réir sin cuid mhór acu as. Ó chairdinealach cliumhail go dtí séiplíneach umhal Ardeaspaig is príomhaidh thuill onóir is meas. Sagairt paróiste bhreátha a bhí dúthrachtach cráifeach A throid go dána is go láidir in aghaidh éagóra is nirt, Nár ghéill riamh do namhaid ná do thréanbhodach Gallda Ach sheas i mbearnaidh an ghabhaidh ag cosaint an chirt. Seán Mac Corraigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3