Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 19 Scéal Dub. Rugadh mise ins an seanteach atá in aice an droichid ins na Dúnaibh ar an taobh eile do theach úr Shéamuis Proinsí. ‘ Sé an leasainm a cuireadh ar mo mhuintirse ná ‘ Muintir an Droichid ’. Chaith mé an chéad sé mhí de mo shaol ins na Dúnaibh, nuair a bhí m ’ athair ag taisteal an domhain ag obair ar son comhlachta. Cheannaigh sé teach i mBaile Atha Cliath agus d ’ fhág mo mháthair, triúr dearthá- ir, agus mé fhéin na Dúnaibh chun cónaí sa chathair. Thaistil mo dheartháireacha ar an traein le Cití Jimí Mhicí agus chuaigh mé fhéin agus mo mháthair i veain Mhicí Coll as Carraic. Ní raibh aon eolas ar an Bhéarla ag mo dheartháireacha agus bhí sport mór ag gasúraí na gcomharsan i mBaile Atha Cliath ag magadh futhú mar gheall ar seo. Nuair a bhí mé deich mbliana d ’ aois tháinig mé arais go dtí na Dúnaibh agus d ’ fhan mé le m ’ aintín Meadghie ’ n Droichid ar feadh dhá bhliain. Bhí mo dheartháir Breandán ina chónaí leíthe roimhe seo ach bhí sé riachtanach dósan filleadh go Baile Átha Cliath chun freastal ar an Mheán - Scoil. Ní raibh sé ar intinn agamsa a dhul ‘ na scoile anseo ach i mí Meán Fómhair thosaigh mé ar scoil Dhoire A ’ Chasáin a bhí faoi stiúr Jack Mhic Pháidín ag an am. Tá cuimhne mhaith agam ar an chéad lá sin, ach go háirithe, mar gur thug Jack scian domh agus d ’ iarr orm a dhul amach agus slat saileoige a ghearradh ón chrann in aice an tsrutháin taobh thall don scoil. Thug sé deich mbuille domhsa an chéad lá sin agus is minic a fuair mé cuid mhaith buillí eile sa dá bhl- iain a chaith mé ar an scoil leis. Ní raibh aon uisce sa scoil agus bhí orainn uisce a fháil ó Theach an Ghréasaí, Pat Dhonchaidh gach maidin. Sa Gheim- hreadh cuireadh tine mhór guail síos sa rang. Bhí Jack géar ach is mór an suim a bhí aige sna páistí, agus tá mise ana - bhuíoch dó ar son an oideachais a fuair mé anseo. Tá cuimhne agam ar ‘ Bhuíon Cheoil Ros Goill ’ a bhunaigh Jack blianta fada sul a raibh mise ansin ach a chuir sé le chéile arís le linn an ama a raibh mise anseo. Bhí ócáid mhór sa pharóiste nuair a tháinig an sagart Míchéal Mharcais ‘ na bhaile don chéad uair tar éis a ornaithe. Bhí an bhuíon ag cleachtadh ar feadh míosa roimhe seo chun fáilte mhór a chur roimh an sagart úr. Bhí sé tar éis an mhéan - oíche nuair a shroich Micheál agus a mhuintir na Dúnaibh an oíche sin. Chuir an bhuíon fáilte roimhe agus do sheinn muid ceol ón trá ins na Dúnaibh go dtí a theach cónaí ar an Bhaile Úr.Is é Jimmy Óg Bhrianaí an duine a cuireadh i gceannas ar an bhuíon. Bhí léine ghlan, bhán ar gach éinne sa bhuíon an oíche sin ach amháin ormsa, mar gur thit mé i bpróiste các bó agus de thairbhe sin de bhí léine ghlas ormsa. Tá cuimhne mhaith agam ar na hoícheanta ar ghnáth liom cuairt a thabhairt ar mo chomharsa anseo, go háirithe nuair a bhí obair baile le déanamh agam. Bhí eolas ag Jack i gcónaí an lá ina dhiaidh sin go raibh mé ag cuartaíocht agus an teach a mbéinn ag cuartaíocht ann. Chuir sé cosc orm a bheith ag cuartaíocht, go háirithe i dteach Eddie Den Mhónaí mar nach raibh morán measa ag ceachtar acu ar a chéile. Bhí muc ag Eddie, ba pheata muice a bhí inti. Ba ghnáth le Eddie an mhuc a thabhairt leis go Baile na nGallóglach gach mí chun an mhuc a dhíol. Chuireadh Eddie an mhuc isteach sa veain gach mí agus thiomáineadh sé go dtí an baile sin chun í a dhíol. Bhí sé do chleachtadh aige an mhuc a chur ina suí sa suíochán tosaigh in aice leis fhéin. Ansin ar an Domhnach bá ghnáth le Eddie síob a thabhairt do dhaoine go dtí an Aifreann i nGáinne ins an suíochán céanna a mbíodh an mhuc ina suí ann b ’ fhéidir cupla lá roimhe sin. Níor dhíol Eddie an mhuc ariamh! Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne ag a lán daoine atá rud beag níos aosta ar an lá a chuir mé an Bogach ar thine. Bhí pictiúr i gceann de na páipéir ag taispeáint scamaill mhóra, dhubha toite ag éirí os cionn na nDúnaibh. Tá mé iontach buíoch do mo chomharsana uilig ar son an chabhair a thug siad domhsa an lá sin chun an tine a chur as. Bhí mé ag smaoineamh gur cheart domh an t - ainm sin a chur ar mo theach úr – ‘ Bogach Ar Thine ’ Chaith mé dhá bhliain anseo ar Scoil Dhoire A ’ Chasáin agus bhí cumhaigh go leor orm nuair a bhí orm filleadh ar an chathair. Bhí neart taithí agam ar an Ghaeilge ansin agus bhí a fhios agam go mbeadh sé deacair toiseacht i Scoil Bhéarla arís. Tá mé iontach buíoch do gach éinne sa cheantar ar son an deis cónaí i bhur measc agus an Ghaeilge a fhoghlaim go nádúrtha. Tá teach úr tógtha agam anseo anois agus tá sé ar intinn agam a theacht ar ais agus cónaí i bhur measc arís. Mairtín Ó Gallchóir.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3