Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 20 Tá Ceol '07 ar fáil i siopaí ceoil fud fad na tíre anois!!! Téigh amach agus ceannaigh é le go bhféadfadh sé dul chuig uimhir a haon sna cairteanna!! Ná déan dearmad go dtéann gach brabús chuig Concern. Tháinig an scéala chugainn gan choinne agus leoga ba brónach an scéala a bhí ann --- bás Mháirtín Uí Ghallchóir, duine de ‘ mhuintir an droichid ’. Chuala muid go luath i ndiaidh na Nollag nach raibh an scéala maith faoina shláinte ach bhí Máirtín ar dhuine acu sin go síl- feá faoi nach bhféadfaí é a chloí. Tá a phlean fhéin ag an Chruthaitheoir dúinn uilig. Cúigear clainne a bhí ag Jim agus a bhean Caití, gasúraí ar fad agus bhí Máirtín ar an ceathrú duine sa chlann. Bhí cónaí orthu i dtús báire sna Dúnaibh Íochtarach ach nuair a bhí Máirtín tuairim is sé mhí bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath. Bhí a n - aintín Madgie ‘ n Droichid ina cónaí leí fhéin agus chaith siad uilig seal abhus aici agus chuaigh siad ‘ na scoile i nDoire ‘ A Chasáin. Rinne Máirtín a sheal anseo ag tús na seascaidí agus níl amhras óna chuid cainte ná go ndeachaigh an tréimhse seo ina shaol i gcion go mór air agus gur thit sé i ngrá leis an cheantar agus leis na carachtair a casadh air anseo ag an am. Deineann sé cur síos goirid ar an tréimhse sin agus an cineál saol a bhí aige san alt a ghabhann leis an phíosa seo. Scríobh sé an t - alt seo i mí na Samhna do Ghuth Ghoill; bhí sé iontach bródúil as an alt seo ach is beag a shíl sé nuair a bhí sé a scríobh nach mbeadh sé thart le é a léamh san iris. Tháinig Máirtín ar ais anseo ó am go chéile ach nuair a d ’ éirigh sé as a phost leis an Bhord Sláinte, áit a raibh sé ina phríomhf- heidhmeannach, shocraigh sé teach a thógáil sna Dúnaibh. Ní ró - shásta a bhíodh sé nuair a chuirtí ceist air cad é mar a bhí an teach saoire ag fáil ar aghaidh. ‘ Ní teach saoire atá ann ’ a deireadh sé. ’ Seo an áit a chaithfeas mé an chuid eile de mo shaol ’. Nach trua nach bhfuair sé an deis sin a dhéanamh. Bhí suim mhór aige sa Ghaeilge, is dócha gur i scoil Dhoire ‘ n Chasáin agus ag Madgie a d ’ fhoghlaim sé an chuid is mó dena chuid Gaeilge i dtús ama. Ach le linn do a bheith ag tógáil an tí shocraigh sé clárú do na ranganna Dioplóma. Mná uilig a bhí sa rang ach níor chuir sin is- teach ná amach air mar go raibh sé ar dhuine acu seo a chonaic greann i ngach uile rud agus chuir a chuid grinn go mór leis an rang. Deineann an rang é a chrothnú go mór. Ar dheis lámh Dé go raibh a anam dílis.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3