Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 3 Féile na Cásca Anois agus An Cháisc buailte linn beidh páistí beaga (agus móra!) ag smaoineamh ar na huibheacha Cásca d ’ achan chineál atá le feiceáil sna siopaí. Níl teorainn leis an oiread airgid a thiocfadh le duine a chaitheamh ar a leithéidí. Ach, ní hamhlaidh a bhíodh an scéal fiú leathchéad bliain ó shoin. Bhí bochtaas mór san áit seo ag an am agus ár muintir a chuaigh romhainn beo ar an bheagán. An chuid is mó de na boic óga, b ’ éigéan dóibh imeacht ar shiúil go hAlbain, Sasana nó Meiriceá. Bhíodh páistí comh hóg le ocht nó naoi de bhliantaí “ ar fasta ” ag feirmeoirí móra agus feirmeoirí nach raibh comh mór sin, agus a muintir sa bhaile le croí briste ina ndiaidh ach gan de rogha acu ach na páistí a bheith ar shiúil mar seo mar bhítí ag feitheamh go géar leis an chúpla púnta a bhéarfadh siad ‘ na bhaile ag deireadh an tséasúir. Mar sin fhéin, dhéantaí iarracht i gcónaí féilte cosúil le Oíche Shamhna, An Nollaig agus An Cháisc a chéiliúradh. Roimh an Cháisc, bhíodh na páistí uilig ag cruinniú (nó fiú ag goid!) uibheacha le carnán mór a bheith acu fá choinne Domhnach Cásca. Bhí sé cosúil le comórtas, an té is mó a mbíodh uibheacha acu, b ’ iad ab fhearr. Bhítí ag cruinniú cac bó tamall fada roimh na Cásca. Arís, bhí tábhacht mhór leis an chac bó seo mar go n - úsáidtí é le job tábhachtach a dhéanamh ar Dhomhnach Cásca. Ar an lá mór seo i saol na hEaglaise agus i saol na págántachta, thagadh páistí an bhaile le chéile agus a gcuid uibheacha á n - iompar leo go cúramach agus bhruitheadh siad na h - uibheacha ag úsáid an chac bó mar bhreosla. Bhíodh sé comh tirim sin go dtiocfadh leat é a dhódh agus sin an t - ábhar tine a bhiodh acu. Bhíodh féasta acu agus iad ina suí thart fan tine agus ansin ag imirt cluichí beaga. “ Bonnachán ” a t - ainm a bhí againne anseo ar an fhéasta bheag seo. Is dóiche gur fada an lá ó bhí a leithéid againn agus nach mbeidh sé againn níos mó. Tá sé ró - fhurasta anois a dhul go dtí na siopaí agus do sháith airgid a chaitheamh ar uibheacha seaclaide nach bhfuil mórán baint acu le Féile na Cásca. Mar a deir an seanfhocal: Troscadh fada agus easpa bróg A ní fear críonna den fhear óg Ach imíonn siúd agus tarann seo agus i ndeireadh an lae níl ionainne ach lúb bheag i slabhra mór an tsaoil. Nóirín Goulding.                  ♣♣♣♣♣♣♣♣♣        ♣♣♣♣♣♣♣♣♣           ♣♣♣♣♣♣♣♣♣               ♣♣♣♣♣♣♣♣♣        ♣♣♣♣♣♣♣♣♣              ♣♣♣♣♣♣♣♣♣

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3