Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 4    Bhunaigh muid Coiste Forbartha Mhíobhuí cúig nó sé bhliana ó shin. Le cois ná gnáth rudaí áitiúil a mbíonn cóistí mar seo ag plé leis, bhí suim mhór againn ins ná sean - ghnásanna agus scileanna atá chomhar a bheith caillte anois. Smaoinigh muid go mbeadh sé deas agus suimiúil cuid acu seo a athlasadh agus iad a tha- bhairt don ghlún inár ndiaidh le taispeáin díofa an úsáid a bhain an tsean mhuintir as bun ábhair ná háite. Bhí an t - ádh orainn mar go raibh fear inár measc a raibh cuid mhaith de ná scileanna seo aige agus gan dabht is Denis Dhonncaidh Mhicheáil as Cluain t - Saileach an fear seo. Tá muid an - bhuíoch dó as a chuid ama a thabhairt dúinn go flúirseach flaithiúil agus an foighne a bhí aige linn, rud nach raibh furas- ta i n - amanna. An chéad tógra a dtug muid faoi ná cúpla curach ar dtús agus ina dhiaidh sin shocraigh muid ar na cléibh. Bhí baint mhór ag na cléibh leis an asal, seo ainmhí nach bhfuil le feiceáil ró - mhinic anois, ach san am a chuaigh thart bhí tionchar mór aige ar shaol na ndaoine sa cheantar seo agus i ngach ceantar tuaithe, bhí ceann nó beirt ag achan teach agus tá mé cinnte go bhfuil cuimhne mhaith ag bun - sheanduine na h - aite agus corr bhean fosta ar na laethanta a chaith siad ag siúl ina ndiaidh sa phortach, ag tógáil prátaí, ag cur amach aoileach agus fiche rud eile. Is minic fos- ta a raibh an cliabh ar dhroim fir ó mhaidin go hoíche, sa phortach, ag cur amach móna, seo áiteanna nach raibh an t - asal ábalta dul ann. Ta an cliabh déanta le slata saileoige, rud nach bhfuil furasta a fháil inniu ach oiread. Sa tsean am bhí saileog ag fás ag achan teach san áit, ach bhí an t - ádh orainne go bhfuair muid saileog ar dóigh píosa taobh amuigh den Chraoslach agus thug an t - úinéir cead dúinn iad a ghearradh agus tá muid fíor - bhuíoch dó. Ta scil iontach ag baint leis an dóigh ina bhfuil na cléibh déanta, ní achan nduine a bhí ábalta iad a dhéanamh ach bhí fear no beirt in achan bhaile fearainn san am sin a raibh an scil seo acu agus thugadh an té a bhí ag cuardach na gcliabh na slata chuige le iad a dhéanamh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3