Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 5 Shochraigh muid na ranganna a reachtáil i seomra sa Síbín Ceoil achan oíche Luain agus Déardaoin ón 7 - 00 go dtí an 9 - 00in. Thosaigh muid ar na cléibh ag deireadh thiar thall agus bhí scaife mór againn ansin achan oíche, bhí lúcháir orainn an méid daoine óga a raibh suim acu a bheith páirteach sa tógra seo. De réir Denis glacann se thart fá céad is fiche slat le cliabh a chríochnú. Tosaíonn tú leis na sáitéain, tá siad seo go measartha trom agus tá dhá shlat déag is fiche i gceist agus sáithíonn tú iad seo síos i scraith mhaith dhomhain créafóige, ansin tosaíonn tú le h - ocht slat déag eile agus tá siad seo ansin fite fuaite fríd na sáitéain, ach tá cleas beag leo seo mar go bhfuil snaidhm chliste le cur ar an dá shlat dheireanach agus seo an áit a dtáinig cuid scileanna Denis isteach. Tosaíonn tú le h - ocht slat déag arís agus tá snaidhm speisialta le cur orthu seo leis an chruachán a forimeall ar an cliabh. Tá an cruachán ann leis an cliabh a dhéanamh láidir. Teann tú ar aghaidh ansin fhad leis na fuinneoga atá thart fá leath bealaigh suas an cliabh agus ní fuinneoga pvc. ata i gceist! Ta ocht slat déag ei- le i gceist arís agus tá cúpla cleas eile anseo leis na fuinneoga a fhorimeall mar ba chóir. Teann tú chun cinn ansin go dtí go bhfuil an cliabh ar an mhéid ceart. Tá muid réidh anois leis an tóin a chur sa chliabh. Tosaíonn tú le snaidhm a chur ar leath de na sáitéain agus sníonn tú an chuid eile fríd na cinn ar chuir tú an snaidhm orthu, rud nach bhfuil furasta. Tá an cliabh réidh anois fá choinne an iorras, seo rópa measartha ramhar atá le ceangal fríd na fuinneoga agus lúb ar barr air le cur isteach ar cheann de na scóróga ata ar an t - srathair. Tá sé fíor - thábhachtach go mbeadh an dá chliabh ar aon mhéid mar múna mbeadh, bheadh liosta ar an asal bhocht nuair a bheadh an t - ualach air. Seo cuntas beag gairid ar an dóigh a thaispeáin Denis dúinn cliabh a dhéanamh, ach caithfidh tú féin ceann nó dhó a dhéanamh leis an sean - scil seo a phiocadh suas. Caithfidh mé a rá gur bhain muid uilig taitneamh iontach as an tógra seo mar bhí an craic maith fosta agus chuaigh an t - am is- teach go tapaigh, ach bhí pionta blasta ag deir- eadh na oíche agus é tuillte go mór againn. Caithfidh me ar shon an Choiste buíochas a tha- bhairt do Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus do Údarás na Gaeltachta as son an mhaoiniú a thug siad dúinn agus fosta do na da- oine uilig a ghlac páirt ann ach go h - áirithe do Denis.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3