Guth Ghoill, Eagrán 14
Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 6 Sráidbhaile na nDúnaibh. Bíodh ‘s gur rud ait é, tá an chuid is mó de shráidbhaile na nDúnaibh suite i mbaile fearainn na Muirleoige. Tá an ché agus mo- narcha Mhic Nuadhat i mbaile fearainn na nDúnaibh agus síneann sé siar ó thuaidh ó seo. Ag toiseacht ag an choirnéal ag teacht is- teach ‘na nDúnaibh in aice le Páirc Pheile C.L.G. na nDúnaibh, bhéarfaidh siúlóid bheag réidh tú thart le teach lóistín, bialann agus tabhairne Thrá Mór, áit ina bhfuil gnó ar siúl le breis is leathchéad bliain. Díreach amach os a chomhair tá Ionad Chumann Luthchleas Gaeil Fó-chumann na nDúnaibh, lena pháirc bhreá pheile. Tógadh an t-ionad sa bhliain 1985 agus is mór an áis é don phobal áitiúil agus tá ard-mholadh tuillte ag an Fhó-chumann dá bharr. Faigheann an lei- thinis seo a ainm ó Gholl Mac Mórna, duine de na Fianna agus tá a íomha ar shiombal an fho-chumainn. Seo a phictiúr, ar bhinn an ion- aid, ag breathnú anuas ar chluiche peile. Tá áiseanna do Chispheil, Eitpheil, Liathróid Láimhe, Raicéadpheil agus tá seomra aclaíochta ar fáil don phobal san ionad. Ag a thaobh tá Óstán na Trá lena thriocha sheomra codlata agus a bhialann. Seo teach a tógadh ar dtús sa bhliain 1934 agus tá sé i seilbh theaghlach Mhic Laifeartaigh ón bhliain 1988. Ar an droch uair, chuaigh an áit ar thine sa bhliain 2005 agus scriosadh í. Rinneadh ath-thógail uirthí sa bhliain 2007. Níos faide siar tá Óstán agus Bialann Bhá na nDúnaibh agus an Teach Tabhairne Beag. Is le teaghlach Uí Chonchubhair an t-óstán compórdach seo le
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3