Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 7 dhá scór seomra codlata a osclaíodh sa bhliain 2004. Trasna an bhealaigh mhóir tá siopa Mhic Giolla Bhríde, an t-aon siopa sa tsráid- bhaile. Seasann Oifig Poist na nDúnaibh agus Teach Chuan na Long Ui Bhrollacháin, teach lóistín le morán seomraí codlata agus árasáin, ar shean-suíomh siopa Bhuchan a chuaigh ar thine sa bhliain 1970. Os a chomhair tá an pháirc carbháin is mó den cheathrar atá sa tsráidbhaile, páirc char- bháin Uí Chathasaigh, atá ag cur fáilte roimh chuairteoirí ón bhliain 1937. Ag taisteal suas an mhallaigh tiocfaidh tú ar Theach Leanna na nDúnaibh nó Teach a’ Chuain mhuintir Uí Chathasaigh. Tchífidh tú an comhartha do bhaile fearainn na nDúnaibh ar an chéad bhóthar ar dheis i ndiaidh Theach Níocháin Mharion. Is fíor-álainn an radharc atá agat anseo ar Ché agus Trá na nDúnaibh agus ar na cnoic maguaird. Coinnigh ar chlé síos i dtreo na cé agus thíos ar bhealach na cé tá oifig Chomhlucht Iascaireachta Mhic Giolla Bhríde. In ionad dul síos ‘na cé, gabh suas an mhallaigh agus bu- ail isteach in Siopa Caifé agus Siopa Bhréidín Mhic Nuadhat. Ar chúl seo tá Mo- narcha Bhréidín Mhic Nuadhat. Bunaíodh an monarcha sa bhliain 1952 agus rinne siad bréidín ar sheolta láimhe anseo ar feadh fiche bliain. Thosaigh siad le seolta leictreacha sa bhliain 1971 agus lean siad ag déanamh bréidín i rith an ama ach ag déanamh línéadaigh, síoda, olla agus faibricí eile fosta. Mar gheall ar dheacarachtaí trádála b’éigean dóibh comhnascadh a dhéanamh le muintir Baird agus is é Baird Mc Nutt a tugtar air anois. Amach os comhair na háite tá Halla Duthie, áit a tógadh i dtús báire do na céadta iascairí Albanach a tháinig anseo le linn na hiascaireachta móire agus is ón suíomh ne- amh-shuntasach seo a thosaigh scéal Chomhlucht Bhréidín Mhic Nuadhat. Tá ainm na nDúnaibh ceangailte go dlúth le hiascaireacht le breis is dhá chéad bliain. Thar- la an iascaireacht mhór anseo idir 1890 agus 1914. Seasann monarcha Mhic Nuadhat ar shuíomh a raibh sean-mhonarcha dhéantús bairillí air, a tógadh anseo sa bhliain 1905, chun freastal a dhéanamh ar thionscal bhorradhmhach na hiascaireachta. Cuireadh salainn ar an iasc agus coinníodh i mbairillí iad le iad a choinneáil úr ar a mbealach chun

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3