Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 8 an mhargaidh. Go dtí an lá atá inniu ann tugtar ‘Na Stáisiúin’ ar an áit sin idir Mo- narcha Bhréidín Mhic Nuadhat agus an fhar- raige de bharr na stáisiúin inár leigheasadh na héisc. Cá leis a raibh seo cosúil sa tsean-am? Na scaiftí oibrithe idir iascairí, lucht pacála éisc, lucht díol agus ceannacht, lucht glanta éisc agus oibrithe imirceacha ó Albain agus ó Oileán Mhannáin ina measc, na faoileogaí ag screadaigh, ag casadh agus ag eitilt go cal- lánach os cionn na slóite, ag fanacht ar a gcuid féin d’fhómhar na farraige. Ag pilleadh ar ais duit, sula dtiontaíonn tú ar dheis ag oifig Chomhlucht Iascaireachta Mhic Giolla Bhríde tchífidh tú Cros na Mílaoise díreach romhat. Mar a d’aithneofá óna ainm, ba thionscnamh de chuid na Mílaoise é seo. Toisc gur ceantar cois farraige atá in Rosgoill, ba é tuairim an phobail gur smaoineamh den scoth a bhí sa tionscnamh seo. Cuireadh coiste ar bun, fu- arthas dearthóir, cuireadh feachtas bail- iúcháin airgid sa tsiúl agus cuireadh tréan brú ar pholaiteoirí. Caithfear a rá go raibh dí- ospoireacht ghéar ar réamh-líniochta an dearthóra ag cruinnithe pobail ach i ndeireadh na dála thángas ar chomhréiteach agus is í an chros ghalánta chloch eibhear seo toradh na hoibre. Tá bród thar cuimse ag muintir Ros- goill as an chros agus as an leacht cuim- hneacháin atá tógtha anseo i gcuimhne ár muintire a bádh fa’n bhaile agus as baile. Ba iad An Dochtúir Ró-Oirmhineach Pilib Ó Bu- aighe, Easpag Rath Bhotha (as Ros Goill ó dhúchas) agus An tAire Spóirt agus Tu- rasóireachta, Seamas Mac Dáid a rinne an chros a nochtadh sa bhliain 2000. Is ar Ard na nEangach atá sé suite agus ba dhoiligh áit níos oiriúnaí a fháil dó, toisc gur anseo a ba ghnáth leis na hiascairí a gcuid eangacha a thriomú sa tsean- am. Ar do bhealach ‘na cé ra- chaidh tú thar an sleamhnán a thóg Comhairle Condae Dhún na nGall sa bhliain 1982. Tógadh an ché féin sa bhliain 1884 agus chosnaigh sé £6400 agus cuireadh síneadh leis sa bhliain 1905. Bhí oíche mhór ag muintir Dhún na nGall i n-Óstán an Burlington i mBaile Atha Claith nuar a bronnadh an urraim “Donegal Person of the Year” ar an ceoltóir cailiúl Margo O’Donnell. Mar is gnath bhí neart de mhuintir Rosgoill ann, ina measc an t- Easbog Ó’Buadhaigh. Sa phictiúr tá Seán agus Séamus Mac Giolla Cheara as Gortamór, agus Adrian Ó Gallchóir as Carraig. Bhí an chuid eile acu ar shiúl a luí um tnath seo.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3