Guth Ghoill, Eagrán 14

Mí Márta 2007 An 14ú Eagrán, Ltch. 9   Bhí Oíche Ghaelach againn ins An Síbín Ceoil ar an Aoine 23ú Márta. Mar is gnáth ar na hoícheanta seo ba iad na páistí a thosaigh an oíche agus bhain achan duine sult as na dánta a bhí le rá acu. Sílim féin gur deis mhaith í oíche mar seo le cuidiú leis na páistí feabhas a chur ar a gcumas cur i láthair na filíochta agus fosta le féinmhuinín a chothú iontu. Bhí triúr de chlann Pasoma ansin, Micheál, Laura agus Ailín. Beirt de chlann Dhonncha Mhic Íomhar, Erin agus Caitlín agus beirt de chlann Sheáin Mhic Íomhar, Leigh agus Ciarraí. Bhí Ruaidhrí Mac Connagli ansin agus Caoimhe Nic Giolla Bhríde. Tá buaiteoirí Oi- reachtas na Gaeilge amach anseo i measc na bpáistí seo gan aon dabht. i dtaca leis an ceol de bhí oíche ar dóigh againn le Pádraig agus Eunan agus Seán Mac Corraí. Chuidigh Caitlín Ní Mhaoileoin agus Caroline go mór leis an oíche fosta. Níor chuala mé amhrán a rá trí Bhéarla ó thús go deireadh na hoíche agus bhain achan duine sult as an chraic agus an comhrá.    COMÓRTAS EALAÍONA Bhí comórtas ealaíona againn do pháistí na mbunscoileanna agus bhí taispeántas cuid pictiúr scoil Dhuibhlinn Riabhach le feiceáil i bhfuinneóga An Réalt Thuaidh i gCarraig Airt, agus cuid pictiúr scoil na nDúnaibh le feiceáil in Áras Ros Goill sna Dúnaibh agus i gClubtheach an Chumann Lúthchleas Gaeil. Maith sibh a pháistí agus beidh na torthaí le fail ag na múinteoirí go luath.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3