Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 10 don fharraige. Bhí Donnchadh MacIomhair pósta ar Pheigí Mhicí Mhór, agus triúr clainne acu, Máire, Paidí agus Micí. Thóg Micí teach i ngar do theach a mhuintire agus thóg sé clann mhór. Tá Paidí agus Máire ina gcónaí i gCarraig Airt. Iascaire a bhí i nDonnchadh agus bhí deartháir aige fosta, Jimmí, duine léannta ar ghnáth leis litreacha oifigiúla a scríobh do dha- oine chuig Ranna eagsúla an Rialtais. Teach Mhicí MhicIomhair “ Coast Watch ” Le linn an chogaidh dheireanaigh bhí tábhacht ar leith ag baint le Gortamór, mar gur ann a tógadh foirgneamh cloiche a d ’ fhreagair mar “ Coast Watch ” d ’ Arm na Breataine. “ Coast Watch ” Thiar ag an Bhinn Lofa a tógadh é agus cé nach bhfaca duine ar bith saighdiúir ariamh ann, tá an foirgneamh garbh ina sheasamh go fóill. Sin scéal Ghortamór. Más maith le duine ar bith cur chuige ná uaidh, bheadh muidne i nGuth Ghoill fíorbhuíoch cloisteáil uaibh. P.S. Chuir Séamas Mac Giolla Chearra litir in eagrán eile de Ghuth Ghoill, ag fiafraigh an mbeadh suim ag duine ar bith cuidiú le “ Teacht le Chéile ” a eagrú do Dhiaspora Ros Goill. Má tá, cuir glaoch air ag: 087 2565977. Mo Ghloine Uisce Bheatha Ó, cá bhfuil an fear a thig abhaile tráthnóna, Agus cupla scilling leis mar phá an lae, Nach maith leis ruaig a thabhairt go tigh a ’ leanna, Nuair a bheas sé glanta suas i ndiaidh am tae. Curfá: Ó, ba mhór mo shuim ariamh sna cailíní óga, ’ S ba mhaith liom bheith ag imirt leo ’ s a ’ gabháil cheoil, Ach ní thabharfainn ar a bhfuil de mhná in Éirinn Mo ghloine uisce bheatha i dtigh an óil. Tá daoine ann adeir nach ceart a bhlaiseadh, Ach ní thabharann sinne aird ar chaint den tsórt; Nuair is maith linn bíonn sé againn, ceann go suaim- hneach, ’ S ’ na dhiaidh sin ceol a ’ s damhsa, scléip is spórt. Curfá Seo iad cuid de na fir ó Thionscnamh Oideachais na bhFear ag déanamh cliabh sa rang a bhí ar siúl san Ionad Ac- mhainne le gairid. Bhí cúig dhuine dhéag ag freastal ar na ranganna seo agus ba é Alistair Simmons a bhí ina mbun. FÓGRA do lucht ealáine, grianghrafadóirí, lucht déanta cártaí agus ceardaí ar bith atá ina gcónaí as cheantar seo! Tá rún againn taispeántas Ealaíne agus Ceirde a chur ar fáil in Áras Ros Goill an tseachtain dheireanach de Mhí Iúil. Má tá suim ag duine ar bith ann, cuir glaoch ar an Ionad Acmhainne ar: 9155055.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3