Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 11 Ag an choirnéal ag teacht isteach ‘ na nDúnaibh in aice le Páirc Peile C.L.G. na nDúnaibh tabhair aghaidh ó thuaidh i dtreo an chnoic is airde sa lei- thinis – Gáinne. Ar thaobh na láimhe clé, tá baile fearainn Leargán Riabhach, óna dtagann ainm na scéime tithíochta atá le feiceáil ansin. Tógadh an chéad réimse tithe sin thart fá 1954. Ar chúl na scéime tithiochta tá Teach Leargáin Riabhach, áit a raibh Oifig Poist na nDúnaibh suite, lá den tsaol, ag tús na fichiú haoise. Ar thaobh na láimhe deise agus tú ar do bhealach suas an mhalaigh, tá baile fearainn na Machaire Bige. Giota níos faide ar aghaidh tá Páirc Charbháin na Machaire Bige agus bialann Radharc na Mara a tógadh sa bhliain 2000. Osclaíodh an áis bhreá sin ar a dtugtar Ionad Fóillíochta na Machaire Bige atá le feiceáil i gceathrú uachtarach na Páirce, in Aibreán na bliana 2006. Ag bun Chnoc Gáinne (682 troigh) tá Eaglais Réalt na Mara, 406 troigh os cionn leibhéal na farraige. Do réir dealreamh, ní áit inaimsithe í ach deimhneoidh sracfhéachaint ar an léarscáil go bhfuil sí i gceartlár na leithinise. Tá Carraig an Aifrinn i ndeis don Teach Pobail. Ag dul in airde os cionn an tséipéil tá Cnoc Gáinne. Is de ‘ pelite ’ is mó ata sé déanta agus é maisithe go hálainn idir aiteann bhuí, ‘ cotoneaster ’ na gcaor dearg agus an fraoch corcora ag fás go fairsing, flúirseach ar a chuid sleasa. Cuireann caoirí, giorriacha, agus gabhair fhiaine fúthú ar Gháinne agus is minic a tchítear an seabhac ar foluain os a chionn. Thig macalla iontach a bhaint as na creagacha agus tú ag siúl siar ar chúl an tséipéil. Tá cuid de stairithe na háite den bharúil gur truailliú den fhocal Gráinne [ó Dhiarmad & Gráinne] an t - ainm Gáinne. Bhí Gráinne geallta le Fionn Mac Cumhaill, ceannaire na bhFiann agus nuair a theith sí i gcuideachta Dhiarmada, chuaigh Fionn sa tóir orthu ar fud fad na tíre. Deirtear gur chaith siad oíche thuas ar bharr Gáinne, dalta go leor áiteacha eile ar fud na hÉireann a dtugtar ‘ Leaba Dhiarmada & Gráinne ’ orthu. Stad anseo ar feadh tamaill agus breathnaigh ar éagsúlacht na radharcanna i bhfad uait: Soir uait tá ríulacht chreagach Gháinne agus cnoic Fhánada; soir ó dheas tá coill na Maoile Ruaidhe agus sráidbhaile Charraig Airt; ó dheas tá glaise Ghailf - Chúrsa Ros na Binne agus beanna Mhá ’ sleac, a scarann Trá Beag na nDúnaibh ó na trí mhíle de ghaineamh órdha Thrá Mór. Siar ó dheas tá Caisleán na dTuath agus Páirc Fhoraoise na hÁrdaí ina seasamh faoi scáth na Mucaise maorga (2197 troigh); siar uait tá Cuan na Long ag síneadh siar go bun Chorrán Binne, 6oo troigh os a chionn, ag coinneail gárda ar an bhá agus taobh thall de sin arís, idir tú agus leas,
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3