Guth Ghoill, Eagrán 15

Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 12 tá Oileán ársa Thoraigh, corr - uair leath - chlúdaithe le ceo, ar nós Hy - Brasil an tsean - ama. Lean ar aghaidh thar an chómhartha do Bhaile an tSléibhe. Tchífidh tú cómhartha do Chnoc na Marbh ar thaobh na láimhe clé ach ná bíodh ea- gla ar bith ort agus tú ag tarraingt air! Fuair Cnoc na Marbh a ainm siocair gurb anseo ar ghnáth leo siúd a bhí ag teacht aniar ag iompar an chónair scíste a ghlacadh agus iad ar a mbealach go roilig Mhíobhuí, ar thaobh thoir na leithinise. Is ag an phointe seo a thosaíonn an bealach ag dul síos i dtreo Dhoire a ’ Chasáin Beag. Ar do bhealach anuas tchífidh tú Bá Dhún Fionnachaidh agus an sráidbhaile féin faoi scath Chorrán Binne. Lean ar aghaidh fríd Dhoire Chasáin Beag lena chóirnéal dronn - uilleogach agus corr chruach mhóna go dtí ’ n bealach mór. Coinnigh ar chlé agus tiocfaidh tú ar shean - scoil Dhoire a ’ Chasáin (1901) agus soir ó dheas uaidh ar a chúl, Cnoc an Fhairigh, ainm a thagann ó ‘ fear faire ’ , creidim, anuas againn ó am na bPéindlithe. Thíos ag bun an mhallaigh tá Coláiste Ubhaile Chomhaltas Uladh, áit a reachtáiltear cúrsaí Gaeilge gach Samhradh. Ba é Eamon De Valera, iar - Uachtarán na hÉireann a d ’ oscail an Choláiste sa bhliain 1951. Coinnigh ar dheis ag coinneáil an ‘ Bogach ’ ar do lámh dheas go dtiocfaidh tú fhad leis an chrosbhealach. Ar do bhealach ar ais ‘ na nDúnaibh beidh radharcanna suimiúla de Chuan na Long, de Cnoc na Marmara agus Óstán an Shandon ar a chúl, le feiceáil. Ag teacht thart an chéad coirnéal eile duit, amharc ó dheas trasna na bá agus tá Trá Mór le feiceáil. Is é Sliabh Loch ’ s Alt an sliabh is airde atá le feiceáil idir thú agus léas ar an spéirdhreach. Deireann daoine go bhfuil cruth duine ar a dtugtar ‘ An Fathach ina Chodladh ’ ar bharr na gcnoc taobh thiar de. An bhfuil tú ábalta a imlíne a dhéanamh amach? Tharraing mé pictiúr beag de, ina luí ar a dhroim, a lámha trasnaithe ar a chliabh agus ba chóir gur léir duit a chlár éadan, a shrón, a smig agus a cho- sa agus é ina luí go suaimhneach ag bun na spéire. Is é Caiseal na nDúnaibh is ainm don chnoc atá le feiceáil ar chlé. Is ón chnoc seo a fhaigheann an sráidbhaile a ainm agus mar a bheifeá ag dréim leis, tá iarsmaí dhúin chiorclach de chuid Ré na Cré - Umhaoise ar a mhullach. Seo thíos plean den dún. Críochnaíonn an bealach seo ag bun an mhallaigh, áit a dtagann sé féin agus bealach na céidhe le chéile.                             

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3