Guth Ghoill, Eagrán 15

Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 13 Naíonra Dhiarmada & Ghráinne Tá an t - am sin den bhliain orainn arís, deireadh na scoilbhliana, agus tá Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne druidte don samhradh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Cití agus Nóra, na stiúrthóirí, as an obair thorthúil atá á déanamh acu leis na páistí. Ar an 12ú Meithimh, sular dhruid an Naíonra, bronnadh teastas ar achan pháiste agus chuaigh siad ar thuras go “ Arena 7.” Mar atá le feiceáil ó na pictiurí, bhí am breá acu uilig agus bhí siad traochta ag teacht abhaile dóibh. Ba mhaith linn buíochas a thabhairt fosta do na tu- ismitheoirí a chuaigh ar an turas le cuidiú le Cití agus Nóra aire a thabhairt do na páistí. Ar 15 Meithimh bhí Lá Oscailte agus Cruinniú Cinn Bhliana Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne i gCólaiste Ros Goill. Bhí seans ag na páistí a bhe- as ag toiseacht i Mí Meán Fómhair bualadh lena chéile agus an Naíonra a fheiceáil i mbun oibre. Bhí cóisir bheag ann do na páistí uilig, cuid acu a bhí ann don lá deireanach agus iad ag dul chuig an “ Scoil Mhór ” i ndiaidh an tsamhraidh. Toghadh coiste úr ag an chruinniú agus bhí Áine Ní Ghallchóir, Oifigeach Forbartha, i láthair le labhairt leis na tuismitheoirí. Tá áiteanna fágtha go fóill i Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne don bhliain seo chugainn agus da mba mhian leat do pháiste a thógáil le Gaeilge nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir scairt ar Fíona nó Sally ar: 91 54830. Deis Oideachais Cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge. Cúrsaí Gaeilge páirtaimseartha Bliain amháin nó dhá bhliain sna Dúnaibh. Is féidir leanúint ar aghaidh uaidh seo agus Cúrsa Céime a dhéanamh san Institiúid Teicneolaíochta, Leitir Ceanainn. Tá na cúrsaí seo uilig faoi choimirce Ollscoil Mhic Aodha, Doire, agus cuirfear tús leis na ranganna sa tríú seachtain de Mheán Fómhair, 2007. Tuilleadh eolais ó Choiste CéimAniar, Na Dúnaibh. Fón: 074 9154830 (9am - 5pm) Campa Samhraidh 2007 Tá Campa Samhraidh á eagrú ag Coiste Céim Aniar do na páistí bunscoile idir 6 agus 12 bliana d’aois ón Luan 23ú Iúil go dtí an Aoine 27ú agus ón 30ú Iúil go dtí 3ú Lúnasa, in Ionad Chumann Lúthchleas Gael Na nDúnaibh, ón 10r.n. go dtí 3i.n. achan lá. Beireadh na páistí lón leofa. Beidh costas de €35 ann do sheachtain amháin nó €60 don choicís. Beidh na hábhair uilig déanta tré mheán na Gaeilge agus tá réimse leathan imeachtaí a bpleanáil amuigh faoin spéir agus taobh istigh. Le d’áit a chur in áirithe cuir scairt ar: Fíona nó Sally ag 9154830.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3