Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 14 Bhí Feadaímó agus Séamaí Joe ar an bhealach go Carraig Airt agus slua de mhuintir an taobh thiar leo. Bhí sé socraithe go mbuailfidís le uncail Fheadaímó, Proinsí Rua agus leis na fir as an taobh thoir ar thaobh Ros na Binne de Charraig Áirt roimh bhánú an lae, agus go seasfaidís in éadan na mbáillí ansin. Bhí a fhios acu go raibh na báillí ag teacht chun na daoine uilig ar an Mheall Mhór a chur as seilbh sa dóigh is go mbeadh talamh ag an Tiarna Talún dona chuid caoirigh. Shíl achan duine go mbeadh siad socraithe in áit agus cosaint mhaith ar an leithinis leagtha amach acu i bhfad sula mbeadh hata báille le feiceáil. Ach, ní mar a shíl- tear a bhítear i gcónaí agus nuair a bhí siad ag dul thar Loch An Chéide chuala siad glór catha thuas ar Mhal- laigh an Rí. Thiontaigh Feadaímó ar chlé gan focal agus thosaigh sé ag rith. Lean an slua é agus nuair a shroich siad an cosán uachtarach chonaic siad an troid ag bun na mala. Bhí clampar fiáin faoi lánseol thíos fúthu agus suas le trí scor de na báillí, bata draighin le achan fhear acu, ag dul ar chúl coiscéim i ndiaidh coiscéim agus na fir ón taobh thoir a n - ionsaí. Chonaic Feadaímó Proinsí Rua istigh i lár an ghriolsa, a bhata dair a luascadh aige agus gach béic as a bhéal agus é ag spreagadh na bhfear chun tosaigh. Sular dhúirt Feadaímó focal bhris na fir a bhí leis ar shiúl agus rith siad i dtreo an chatha. Bhí lúcháir orthu seans mar seo a fháil buille a bhuaileadh in éadan an údaráis mar ní ró - mhinic a bhfaigheadh siad a leithéid. Le sin tharla rud an - aisteach ar fad. Séideadh adharc agus thiontaigh na báillí mar fhear amháin agus rith siad. Bhí a fhios ag Feadaímó gur rud iontach a bhí anseo mar ní fir iad na báillí a rithfeadh chomh furasta sin. Trodaithe a bhí iontu, fir mhóra gharbha nach mbeadh eagla ar bith orthu buile a thabhairt nó a ghlacadh. Cad chuige mar sin de a raibh siad ag teitheadh mar seo agus fir Ros Goill sna sála acu. Bhí cumhacht na tairngreachta ag Feadaímó [Bhí sé ráite ag na Gaeil, go mbeadh cumhacht na tairngreachta ag duine ar bith a raibh an uimhir a haon trí uaire i ndiaidh a chéile ina dháta breithe, agus dar ndóighe nuair a ghlacann tú uair a bhreithe isteach ins an aireamh (a haon a chlog) bhí sé ceithre uair i ndiaidh a chéile ag Feadaímó, mar sin de bhí an chumhacht an - láidir aige.( Rugadh Feadaímó ag a haon a chlog ar an chead lá den chead bhliain den naoú aois déag, 1 - 1 - 1800)] ach b ’ annamh a thiocfadh an chumhacht sin chuige, agus níor tharla sé ariamh ach nuair a bheadh sé ina chodladh. Shuígh sé ansin ar Mhallaigh an Rí ag amharc ar na báillí ag rith agus bhí a fhios aige go raibh rud éigin ciotach. Ní teitheadh ceann ar aghaidh a bhí anseo, ní critheagla a spreag é ach oiread. Bhí sé eagraithe roimh ré. Cad chuige? Bhí Feadaímó trína chéile. Cad é a bhí ag dul ar aghaidh anseo? Bhí a fhios ag na báillí go seasfadh fir an taobh thoir ina n - éadan agus nach ligfeadh siad dóibh teaghlaigh a chaithfeadh amach ar an sráid gan achrann. Bhí a fhios acu fosta go raibh an cath caillte nuair a tháinig fir an taobh thiar ar an láthair ach sin ráite cha scaipfeadh siad chomh furas- ta sin. D ’ amharc sé ar an slua uilig ag dul níos faide suas i dtreo Charraig Airt. Shuígh sé ar charraig agus é ag smaoineamh. Ba mhór an trua, dar leis, nach raibh sé ábalta an tairngreacht a tharraingt ar féin am ar bith a ba mhian leis é a úsáid cosúil le Fionn Mac Cúmhail, nach raibh a dhath le déanamh aige ach a ordóg a chur isteach ina bhéal. Stad na fir ag leanstan na mbáillí mar nach raibh siad ábalta greim a fháil orthu. Stad na báillí ansin agus thosaigh siad ag scairteadh ar mhuintir Ros Goill, ag magadh fúthu agus á maslú. Bhí sé soiléir go raibh siad ag iarraidh fearg na bhfear a thógáil sa dóigh is go leanfadh siad iad. Tháinig sé chuig Feadaímó ansin gan choinne agus léim sé ina sheasamh. Ní raibh feidhm le tairngreacht anois. Bhí na báillí ag iarraidh na fir as Ros Goill a mhealladh amach as an leithinis mar go raibh rudaí le déanamh acusan. Bhí thart fá dheichniúr de na fir is sine, nár lean na báillí, ina seasamh ag amharc ar na rudaí a bhí ag tarlú, ina measc bhí athair Fheadaímó, Paidí. Scairt Feadaímó orthu. “ Éistigí a fheara ” a dúirt sé, táimid i mbuaireamh anois. “ Cad chuige? ” a dúirt Paidí. “ Mar go bhfuil na báillí ar an Mheall Mhór, ” d ’ fhreagair Feadaímó. D ’ amharc siad air agus iontas orthu, dhírigh Connaí Con Mhór a mhéar ar na heachtraí a bhí ag tarlú thuas an bóthar, “ Nach bhfeiceann tú na báillí thuas ansin ag rith mar a bheadh luchóga ag bun cruaiche i ndiaidh í a bheith foscailte. ” Thosaigh sé ag gáire, “ tá siad cosúil le airm an Rí a rith ar shúil ó na Francaigh i gCaisleán a Bharra le gairid. ” Thosaigh cuid de na fir eile ag gáire fosta ach d ’ aithin Paidí go raibh rud éigin ag cur isteach ar Fheadaímó. “ An raibh tairngreacht agat, a Ghasúir, ” d ’ fhiafraigh sé, agus stad an gáire. Bhí a fhios acu uilig faoin chumhacht a bhí ag Feadaímó agus anois d ’ amharc siad air agus an cheist chéanna sna súile acu uilig. Chroith Feadaímó a cheann, “ ní raibh ” a dúirt sé, “ ach tá a fhios agam go bhfuil siad ann agus nach bhfuil anseo ach cleas le muid a choinneáil gnóthach agus amach as an chosán. Throid sibh uilig leis na báillí ag am amháin nó ag am eile agus tá a fhios agaibh gur fir iad nach seachnódh achrann. Tá seo i bhfad ró - fhurasta. Tá botún millteanach déanta againn agus tá shúil agam nach bhfuil muid ró - mhall. ” Labhair Seán Mór Róise Den ansin, is fear é a raibh teach aige ar an Mheall Mhór agus anois bhí crith ina ghlór. “ Caidé atá tú ag rá a Fheadaímó, níl dóigh ar bith a dtiocfadh leo a bheith ansin anois ” D ’ amharc Feadaímó air, “ a Sheáin ” a dúirt sé, bheadh lúcháir orm dá mbeadh an ceart agat ach ní dóigh liom go bhfuil. Leag na báillí luíochán dúinn agus shiúl muid uilig is- teach ann. Tá muidinne anseo agus má tá mise ceart tá na báillí ar an Mheall Mhór. Cha bheadh sé deacair acu theacht anonn ó Bhaile an Fhíor - uisce maidin inniu. Lig Seán Mór och amach as féin, sheas na fir eile gan focal mar bhí a fhios acu anois go raibh an ceart ag Feadaímó. “ Cad é atá muid ag dul a dhéanamh anois, ” dúirt duine de na fir agus labhair Feadaímó. “ Caithfidh mise dul
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3