Guth Ghoill, Eagrán 15

Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 15 síos anois, faighigí sibhse na fir eile agus lean mé chomh tapaigh agus is féidir libh, ná cuirigí am ar bith amú ” Le sin thosaigh sé ag rith. “ Bí cúramach ” scairt a athair ina dhiaidh, ach bhí a fhios aige nach dtabharfadh Feadaímó aird ar bith air. Is lúthchleasaí iontach a bhí i bhFeadaímó agus ní raibh sé i bhfad ag cur cúpla míle ina dhiaidh. Ag dul síos fríd Dún Dúbháin dó, chonaic sé gasúr óg ina rith mar a bheadh an diabhal ina dhiaidh agus scairt sé air. “ A Chormaic, cad é atá ort? ” Las aghaidh an ghasúir suas nuair a d ’ aithin sé Feadaímó. A Fheadaímó, a Fheadaímó déan deifre, tá na báillí ar an Mheall Mhór agus agus tá t, t, tá teach …” Bhí sé ag iarraidh a anáil a tharraingt ag an am céanna agus ba dhoiligh é a thuiscint. “ Ghlac d ’ am a Chormaic ” dúirt Feadaímó, “ tá na báillí ar an Mheall Mhór, fuair mé an méid sin, an bhfuil mórán acu ann? Agus cén áit ar tho- saigh siad? ” Tá suas le scór acu ann agus dúirt mo mháthair liom dul agus m ’ athair agus na fir eile a fháil ” Is mac do Mhicheál Bhán a bhí i gCormac agus bhí a fhios ag Feadaímó gur eisean duine de na fir a lean na báillí suas an bhealaigh. Bheadh sé tamall sula mbeadh sé anseo. “ Fan thusa anseo a Chormaic, inis an scéal do na fir atá ag teacht agus abair leo gan am ar bith a chur amú ” Le sin d ’ imigh Feadaímó agus imní air faoi na rudaí a bhí ag tarlú ar an Mheall Mhór. Nuair a tháinig na tithe ar a radharc thit a chroí. Bhí teach Sheáin Mhóir faoi thine agus scaifte de na báillí ag coinneáil na mná agus na páistí ar shiúl. Chonaic Feadaímó seanfhear ina luí ar an talamh, agus beirt eile agus fuil ag sileadh ó créachtaí a d ’ fhulaing siad agus iad ag déanamh iarracht an teach a chosaint. Bhuail taom feirge Feadaímó ach choinnigh sé socair. Ní raibh a fhios ag na báillí go raibh se ansin go fóill agus sin an t - aon bhuntáiste a bhí aige. Chonaic sé cuid de na báillí ag dul i dtreo theach Mhicheáil Bháin agus léim sé thar claí agus thíos ar an trá leis. Ghe- obhadh sé tharstu i ngan fhios an bealach seo. Bhí píosa de shean - chíle bháid ina luí ar an trá agus thóg Feadaímó é. Thomhas sé é ina láimh. Bhí sé trom agus thart fá dhá shlat ar fhad, ach ní bhrisfeadh sé a choíche. Chaith Feadaímó an bata darach a bhí leis ar shiúl, is é seo an gléas troda a bheadh aige inniu. Tháinig sé aníos ón trá ar an taobh eile de theach Mhicheáil Bháin agus chuaigh sé thart ar chúl. Teach beag íseal ceann tuí a bhí ann agus é teann istigh faoi charraig. Léim Feadaímó ar an charraig agus ó sin ar an díon. Luígh sé ansin ag feitheamh ar na báillí. Nuair a d ’ imigh Feadaímó ag rith d ’ iarr Paidí ar na fir a bhí leis, Feadaímó a leanstan. Chuaigh sé féin suas an bóthar i dtreo na bhfear óga. Bhí sé doiligh aige ciall a dhéanamh do rud ar bith mar bhí an oiread sin scairteadh ag dul ar aghaidh idir na báillí agus na fir. Dhéanfadh siad ionsaí ar na báillí agus rithfeadh na báillí. Thiocfadh siad ar ais píosa agus thiontódh na báillí agus thosódh an bhagairt agus an mhaslach. Faoi dheireadh tháinig sé a fhad le Proinsí Rua agus mhínigh sé dó gur cleas a bhí a imirt orthu agus go raibh an Meall Mór i gcontúirt. Lig Proinsí béic as agus thost an slua. “ A fheara, ” a scairt sé. “ Táthar ag déanamh amadáin dúinn uilig. Tá na báillí ar an Mheall Mhór agus muid ag caint. ” D ’ éirigh monabhar feirge ó na fir agus mar fhear amháin thuig siad cad é a bhí ag dul ar aghaidh agus bhí iompar na mbáillí soiléir faoi dheir- eadh. “ Éistigí a fheara, ” tá Feadaímó leis féin agus cha dtig leis an lá a shábháil ina aonar. Anois, na fir is óige ó thaobh s ’ againne, bígí ar shiúl, ná cuir ceist ná focal ach go díreach rithigí. Bhris thart fá dhosaen ar shiúl agus rith siad i dtreo an Mhill Mhóir. Labhair Proinsí le Niall Dhonncha Mhóir ansin. “ A Néill, ” a dúirt sé, “ dá seasfadh sibhse ag Malaigh an Rí le cinnte a dhéanamh nach bhfaigheadh na báillí seo thíos an bealach bheadh sé ina chuidiú. ” “ Ná bí bu- artha, ní leagfaidh duine de na muca sin cos ar an lei- thinis an lá seo, ” dúirt Niall. “ Anois buailigí sibhse libh agus fág na boic chliste seo againne. ” D ’ imigh Proinsí Rua agus muintir eile an taobh thoir leis agus iad ar lánsodar. D ’ aithin na báillí go raibh an cleas aitheanta ag na fir agus thosaigh siad ag máirseáil i dtreo Mhalaigh an Rí. Sheas Niall Dhonncha Mhóir agus na fir eile ansin ag feitheamh orthu, lúcháir ar achan fhear acu go bhfaighidís deis anois buile a bhuaileadh ar na báillí gránna. Chuala Proinsí Rua agus na fir eile an glór catha ar a gcúl ach choinnigh siad ag dul díreach ar aghaidh, bhí a dtrioblóidí féin ar intinn achan fhear acu agus bhí trí mhíle idir iad féin agus an Meall Mór go fóill. Beidh an chuid eile ins an chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3