Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 3 An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta sna Dúnaibh 2007. Tá tionchar mór ag an Fhéile Náisiúnta ar an teanga sna Ghaeltachtaí éagsúla agus mar sin gur bhfiú amharc ar an stair a bhaineann lei. Thig linn Féile Drámaíochta an Oireachtais i 1947 a áireamh mar an chéad Fhéile Náisiúnta Drámaíochta. Ach ba dhrámaí gearra a bhíodh san fhéile suas go dtí 1961 agus ba le linn Fhéile an Oireachtais i bhfómhar na bliana a bhíodh an fhéile ar bun. Bhí An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta ar an saol ó 1959 agus ó 1961 ar aghaidh d'eagraigh An Chomhairle sin Féile Náisiúnta Drámaíochta an Oireachtais ag deir- eadh an earraigh gach bliain. Ó 1961 go dtí gur bunaíodh An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta i 1976 bhíodh An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mBaile Átha Cliath gach bliain, ach amháin i 1972 nuair a reáchtáladh an Fhéile Náisiúnta i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Bhí an chéad Fhéile Náisiúnta Drámaíochta á eagrú ag an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair ón 7 go 15 Bealtaine 1976. Agus tá sé suimiúil gur thug cathaoirleach an Chomhlachais, Seán Ó Tuairisg caint dar teideal "Drámaíocht Don Phobal" ag ócáid na hoscailte, agus fós thug Aodh Mac Lai- feartaigh cathaoirleach Chéim Aniar caint ar an téama chéanna i mbliana sna Dúnaibh. Go dtí 1980 bhíodh an Fhéile Náisiúnta ar siúl ar dhá dheireadh seachtaine I ndiaidh a chéile le dráma áitiúil ar Déardaoin nó ar an Aoine agus gan aon seisiún ar siúl i rith an lae. Ach ó 1981 ar aghaidh socraíodh ar dheireadh seachtaine amháin sa dóigh is go mbeadh baill na gcumann éagsúla ábalta bualadh le chéile agus na drámaí uilig a fheiceáil. Is páirt mhór é anois den Fhéile an teacht le chéile seo agus dar ndóigh bíonn craic agus comhrá idir na foirne uilig. Tá éigse na Féile mar pháirt den fhéile anois. Sé sin, agallamh beirte, agus amhráin saothair agus lúibíní. Taispeánann an fhéile seo seanchultúr na tíre seo agus an saibhreas a bhaineann leis. Fuair Coiste Céim Aniar deontas ó Ealaín na Gaeltachta sa bhliain 2003 chun seó Gaelach a chur ar an ardán sna Dúnaibh. Fuair muid fear de bhunadh na háite, Francie Ó Cuilinn le tabhairt faoin tógra seo. De thairbhe go raibh Gaeltacht Ros Goill chomh beag sin agus fosta go raibh sí chomh scaite sin amach ó na mórcheantair Ghaeltachta eile ní raibh traidisiún láidir drámaíochta sa cheantar ariamh agus drámaí ar bith a léiríodh san áit ba i mBéarla a bhí si- ad. Mar sin de ar dhóigh bhí muid ag tabhairt faoi ghné den chultúr nach raibh cleachtadh ar bith ag muintir na háite air agus ba seo talamh úr a bhí ar intinn againn a threabhadh. Chuir muid cumann drámaíochta ar bun ‘ Aisteoirí Mhíobhaigh ’ agus chuaigh Francie i mbun oibre ag scríobh. Scríobh sé dráma úr, ‘ Fear an Gheata ’, scéal a bhí bunaithe ar thraidisiún atá faoin cheantar seo, ‘ sé sin go bhfanann an duine deireanach a cuirtear i Reilig Mhíobhaigh ag faire ar an gheata go dtí go bhfaigheann an chéad duine eile bás. Dráma grinn a bhí ann agus chuir muid an dráma isteach ar an Fhéile Náisiún- ta Drámaíochta. Nuair a léirigh aisteoirí Mhíobhaigh an dráma sin i mí Aibreán 2004 bhí Coláiste Ros Goill plódaithe. Ba seo an chéad uair ariamh i gcuimhne na ndaoine ar léirigh aisteoirí áitiúla dráma Gaeilge agus chuir sé go mór leis go raibh an scéal bunaithe ar thraidisiún áitiúil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3