Guth Ghoill, Eagrán 15

Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 4 D ’ éirigh go han - mhaith leis an dráma seo agus bhí sé mar pháirt den Fhéile Náisiúnta Drámaíochta sna Feochainí i gCo. Chiarraí áit a bhfuair sé duais. Níl amhras ná gur spreag na himeachtaí seo muid agus chuaigh ár gcuid iarrachtaí i dtreise. Ar feadh trí bliana ina dhiaidh sin scríobh Francie trí dhráma úr—Paidreacha nach bhFreagraítear, An Triall, agus an dráma a bhí ar an ardán I mbliana Peacadh Cholmcille. Bhí an dráma seo bunaithe ar eachtra cáiliúil a tharla le linn ré órga na hÉireann, nuair a bhí mainistreacha agus manaigh i réim agus scoileanna acu a raibh cáil agus cliú orthu agus a raibh micléinn ag tarraingt orthu ó Mhór Roinn na hEorpa. Dar ndóigh bhí a lán cumhachta ag na manaigh seo agus, go minic, macasamhail saol an lae inniu siúlann éad, bród agus saint le cumhacht. Agus is cinnte go bhfuil sin go mór taobh thiar den eachtra seo. Níl morán Éireannaigh nár chuala faoin bhreithi- únas a thug Ard - Rí na hÉireann ar an chóip a rinne Colmcille de leabhar Naomh Fhinghín --- ‘ Is le gach bó a gamhan, is le gach leabhar a chóip ’. Tá an dráma, ina bhfuil an fhírinne ar an gcuid is mó measctha le beagáinín samhlaíochta, scríofa go hálainn ag Proinsias Ó Cuilinn sa dráma seo. Bhí an Fhéile Náisiúnta Dramaíochta ar siúl ón Aoine an 4ú Bealtaine go dtí an Domhnach an 6ú Bealtaine. Bhí an oscailt oifigiúil ann ar an Aoine leis An Easpag Ró - Oirmhinneach Pilib Ó Buaidhe agus bhí sé á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar a bhí ar an Domhnach nuair a bhí moltóireacht na féile agus bronnadh na nGradam ann. Sé Máirtín Mac Donncha a bhí ann mar fhear an Tí agus rinne sé jab iontach de. Bhí an halla plódaithe agus bhain an lucht éis- teachta sult mór as an deireadh seachtaine iomlán.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3