Guth Ghoill, Eagrán 15

Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 5 An cheist dheireanach faoi seo uilig. An raibh an fhéile maith do na Dúnaibh? Bhí, agus ár míle buíochas don Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus d ’ achan duine a chuidigh linn ar dhóigh ar bith leis an fhéile a eagrú. Níl amhras ar bith faoi dtaobh de, bhí deireadh seachtaine iomlán againn ina raibh ár dteanga le cloisteáil sna tithe tábhairne, sna siopaí, amuigh ar an tsráid agus ar an Aifreann agus go háirithe ar an ardán sa halla san Ghaeltacht bheag iargúlta seo i dTuaisceart Thír Chonaill. Is é an deacracht is mó a bhaineann leis an teanga ná go gcuirtear í isteach i mboscaí --- sa seomra ranga, san oifig, ar an ardán etc. Caithfear í a thabhairt amach as na boscaí, í a bheith poiblí agus ciallaíonn sin ócáidí poiblí. Ar a laghad thiocfaí a rá go bhfuil an drámaíocht leathphoiblí. Maidir leis na páistí de níl dóigh ar bith níos fearr chun féinmheas agus féinmhuinín a spreagadh i bpáistí ná iad a chur ar ardán agus más mó ócáidí acu seo atá i nGaeilge is amhlaidh is fearr do chaighdeán Gaeilge an pháiste. Chomh maith leis sin cruthaíonn sé agus cothaíonn sé grá don teanga. Tá cúrsaí drámaíochta do pháistí bhunscoile faoi lán seoil le trí bliana anuas fosta, agus tá ag iarraidh go maith leis. Na chéad bhlianta a bhí muid i mbun na drámaíochta fuair muid an - tacaíocht ón Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Cé nach raibh a fhios againn nuair a chuir muid an Cu- mann Drámaíochta ar bun ba fear de bhunadh na háite a bhí ina chathaoirleach ar an Chomhla- chas ag an am. Ba fear a bhí ann a chaith a sha- ol as baile ach níor shíl sé ariamh nuair a rinne- adh cathaoirleach de go mbeadh deis aige an Fhéile Náisiúnta a reáchtáil ina cheantar dúchais féin ach sin díreach mar a thar- la. Proinsias Ó hOireach- taigh a ainm agus is fear bródúil é anois go háirithe siocair gur éirigh chomh maith sin leis an fhéile. Bhí aisteoirí anseo as gach cearn den tír agus bhain siad sult millteanach as an turas go dtí na Dúnaibh. Bhain Francie duais sparántachta do dhráma nua - scríofa agus seo thíos pictiúr de Phrionsias ag bronnadh an duais air.   Beidh Aisteoirí Mhíobhaigh ag dul anonn go Glaschú leis an dráma ‘ Peacadh Cholmcille ’ ar an 13ú Iúil agus beidh an dráma ar stáitse ins an Coupar Inst, Clarkston Rd. ag 8pm. Eolas Breise: Gráinne Crothers, Conradh na Gaeilge, Glasgow: 0044 1414339495 nó 0044 7877830779 Coinneach Combe, Comunn na Gaidhlig: 0044 141 339 2022 . Gráinne Crothers An Halla i nGlaschú Tá léar suim a thaispeáint ag lucht na Gaeilge i nGlaschú sa dráma agus tá súil againn scaifte maith a fháil ar an oíche. Tá Gráinne Crothers, Conradh na Gaeilge i nGlaschú ag cuidiú linn rudaí a eagrú agus tá muid an - bhuíoch di ar a shon sin. Beidh muid ag buaileadh le lucht na Gáilge (Gaeilge na hAlba) fosta agus tá a fhios againn cheana go dtuigeann siadsan Gaeilge Thír Chonaill go maith agus nár chóir do dheacrachtaí móra ar bith a bheith acu muid a leanstan. Má tá aithne agaibh ar dhuine ar bith i nGlaschú cuir amach an scéal chucu mar beidh fáilte rompu uilig go dtí an halla agus ina dhiaidh sin i Shearky ’ s Bar sna Gorbels.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3