Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 6 Turas go hOileán Í Cúpla mí ó shin rinne ball de Choiste Cholmcille, ar Oileán Í, teagmháil le Céim Aniar fá na curacha a bhí tógtha ag Coiste Forbartha Mhí- obhuí, mar go bhfaca duine den choiste na cura- cha luaite in eagrán de Ghuth Ghoill tamall ó shin. Chuir Céim Aniar iad i dteagmháil le Coiste Forbartha Mhíobhuí agus ba sin tús le turas na gcurach go hOileán Í. Bhí cruinniú den Choiste againn ansin agus shocraigh an Coiste dul anonn go dtí an Oileán leis na curacha. Bhí Caitríona Buntane tofa mar runaí ar an turas agus bhí uirthi na socraithe uilig a dhéanamh agus tá buíochas mór tuillte aici as an sár - jab a rinne sí. Bhí orainn ansin foireann a thoghadh agus bhí dhá rud tábhachtach i gceist anseo: 1. An Ghaeilge go líofa; mar go raibh suim ar leith acu sna teangacha Ceilteacha. Tá feachtas ar siúl acu le cúpla bliain anuas leis an Ghaidhlic a athbheochan ar na hOiléain agus i dtuaisceart na hAlban; tá seo rud beag cosúil linn fhéin i Ros Goill, agus 2. Scoth ramhaí; agus ní raibh deacracht ar bith againn ceathrar fear a fháil a raibh na scil- eanna seo acu. Toghadh Proinnsias MacGiolla Bhríde, nó Frankie Dubh más fearr aithne air, mar cheannrodaí, Dohmnaill Ó Séibhlin, Mairtín Ó Gallchóir, Donnchadh Ó Brógáin agus fosta cúpla fear ionad cosúil le Antóin Mac Giolla Bhríde, Domhnall Ó Gallchóir agus Seosamh Ó Buntane agus ansin an lucht tacaíochta, agus caithfidh mé a rá go raibh na baic chéanna breá callánach. D ’ fhág siad Ros Goill go luath ar maidin Déardaoin agus shroich siad Oileán Í mall sa tráthnóna. Tá Féile Cholmcille ar an 9 Mei- thimh agus bhí orthu a bheith ansin ar an Fhéile. Gheall an coiste leabhar a chur le chéile ar stair na gcurach sa leithinis seo agus thit sé ar Noirín agus Emmet Goulding seo a dhéanamh. Tá Noirín ina saineolaí ar stair agus cultúr na h - áite agus is breá an grianghrafadóir Emmet, agus fos- ta tá an bheirt acu ina mbaill den Choiste. Bhí Emmet pairteach fosta i dtógáil na gcurach agus rinne sé neart grianghra- fadóireachta le linn na h - oibre. Caithfidh mé a rá go ndearna siad jab iontach den leabhar seo, idir stair na gcurach agus grianghraif go leor lena chois. Bhronn Frankie Dubh an lea- bhar seo ar Mháire Macleod ar Oileán Í agus dúirt sí go raibh an leabhar seo thar barr agus go mbeadh sé chomh tábhachtach leis an leabhar a ndearna Colmcille é féin cóip de. Tá an Coiste fa- oi chomaoin acu mar go bhfuil fios againn an taighde agus an t - am a bhí ag baint le seo agus go raibh maith agaibh as an sár - jab. Ba mhian leis an Choiste gach rath a ghuí ar Emmet as a thin- neas agus tá súil againn go bhfeicfidh muid é gan mhoill ar a sheanléim. Ba í Máire Macleod a bhí ina h - eagraí ar an Fhéile agus tá súil againn go bhfeicfidh muid í féin agus cuid de bhunú an Oileáin anseo i Ros Goill am éigin, mar tá an ceangal sin déanta anois agus fosta an ceangal atá idir Ros Goill agus Oileán Í ó thaobh Cholmcille de, deir siad gurbh É a thóg an chéad mhainistir thíos i seanreilig Mhíobhuí. Bhí ócáid mhór ann De hAoine ag an oscailt oifigiúil nuair a dfhág na curacha agus na báid seoil Oileán Mull le dul trasna go hóileán Í. Bhí seo ina radharc galánta le feiceáil agus an fháilte a fuair siad ag tarraingt isteach ar an ché. Bhí suim mhór sna curacha agus bhí Frankie Dubh agus a fhoireann ar a ndícheall ag tabhairt daoine amach sna curacha. Sílim go raibh mná Oileáin Arainn, amach ó chósta na Gaillimhe, ina sár - iomróirí agus de réir mar a chuala mé, is dócha go raibh an bua acu ar mhuintir Ros Goill sa rámhaíocht ar chaoi ar bith. Bhí an t - adh orainn mar go raibh an aimsir go breá agus an ghrian ag scoilteadh na gcarraigeacha. Tá an tOileán seo thart fán méid céanna le Tóraí agus tá daonra de thart fá chéad duine, ach deir siad go bhfuil céad eile ag teacht isteach ar an Oileán achan lá sa samhradh ó Mull, ag obair sna h - óstáin, sna bialanna agus sa Mhainistir. Tá béim mhór ar an turasóireacht ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3