Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 7 an Oileán agus tá sé go hálainn ar fad, na tithe, na casáin, na bealaí agus achan rud eile chomh slachtmhar, agus tá an gaineamh ar na tránna chomh geal le sneachta. Oileán suimiúil agus naofa atá ann agus tagann cuid mhór de seo ó Cholmcille agus a chuid manach. Tagann cuid mhór oilithreachtaí ag déanamh turais éagsúla, ag dul thart ar na toibreacha naofa agus ag guí sa Mhainistir. Tá á dteanga féin acu “ An Gaeidhlig ” agus bhí muid ag comhrá leo chomh maith is ab fhéidir linn. Ní raibh sé furasta ach bhí cuid de na focail mar an gcéanna is atá againn féin. Daoine an - chairdiúil iad agus chuir siad fearadh na fáilte romhainn. Tá Oileán Í thart fá mhíle ó Mull agus ansin tá Mull thart fá dhaichead bomaite ar an bhád farantóireachta ó Oban. Seo turas deas agus feiceann tú cuid mhór oileáin bheaga eile. Glacann sé amach is isteach ar uair a chloig le Mull a thrasnú agus bád farantóireachta Oileán Í a bhaint amach. Bhí muid ábalta rothair a fháil ar cíos le dul thart ar an oileán. Is é seo an dóigh is fearr le é a fheiceáil. Caithfidh mé a rá gur bhain achan duine sult mór as an deireadh seach- taine agus bhí pionta maith ar an oileán fosta. Ba mhaith liom, thar ceann an Choiste, buíochas a thabhairt d ’ achan duine a rinne an turas idir na hiomróirí agus an lucht tacaíochta agus duine ar bith a chuidigh leis an turas iontach seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3