Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 8 Nuair a fhágann tú baile fearainn na nDúnaibh, is é Gortamór an chéad bhaile a bhuailfidh tú leis agus tú ag dul ó thuaidh. Tá sé ina luí idir Doire an Chasain Beag agus Cuan na Long, agus a chladach féin aige – Cladach Ghortamór. Bhí an cladach sin tábhachtach sa tsean - am mar is ann a choinnigh na h - iascairí a gcuid currach, agus iascairí den chuid is mó a bhí i gcuid fear Ghortamór. Rinne siad iascaireacht i gcurracha le líonta agus bhí iascaireacht mhór gliomaigh ansin tráth. Seanbhallóg Lynagh idir theach Den Dhónaí agus teach Den Antáin Seacht dteach a bhí i nGortamór i m ’ óige, ‘ s iad sin teach MhicIomhair, teach Den Dhonaí, teach Den Antáin agus teach Hughie Lynagh a bhí ina shean bhallóg idir an dá theach sin. Ansin bhí teach Charlie John Nohie, teach Mhici Bhoydie agus teach James Shearlaí Shéimí. Teach Sonny Tá teach úr tógtha ag Sonny Shéimí anois in aice an tseantí agus teach ag Paidí Thorraigh fosta. Teach Phaidí Thorraigh Teach Mháire Shéimí Bhí Máire Shéimí (iníon James) pósta ar Shéamas Ruaidhrí as Ceann Caslach. Ba é a bhí mar mháistir ar bhuíon ceoil Ros Goill sna caogaidí, agus is i scioból Shéimí a bhíodh an bhuíon ceoil ag cleachtadh. Bhí seisear clainne acu, Sonny, May, Nancy, Peigí, Joe agus Caoimhin. Tá cónaí ar Sonny agus Joe anseo go fóill. Teach Bhoydie Siar an cuibhreann tá teach Mhick Bhoydie. Bhí Mick pósta ar Bhidí Frank Bhoy. Bhí ceathrar clainne acu, Paidí, Frank, Joe agus Marc. Saor cloiche den scoith a bhí i Mick agus thóg sé an teach deas sin é fhéin, ag taobh theach a athara atá ansin go fóill. Is sa teach úr sin a thionóil Coláiste Gaeilge Ros Goill nuair a thosaigh sé ar dtús.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3