Guth Ghoill, Eagrán 15

Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 9 Teach Charlie John Nohie Tá seanteach Charlie John Nohie ina sheasamh comh deas seascair is a bhí riamh. Tá dhá theach úra tógtha ag dhá mhac Charlie, John agus James – sampla deas de ghlúin i ndiaidh glúin. Iascaire clúiteach, a raibh bád breá “ Ros na Cille ” aige, a bhí i Charlie. Bhí sé pósta ar Mháire John Eoin ach tá siad beirt ar shlí na fírinne. Teach John Mhic Giolla Chearra Teach Shéamas Mhic Giolla Chearra Tá teach Den Antáin druidte suas. Bhí Den ina iascaire agus é pósta ar Bhidí Jimmí Johndy as an Ard Bhán. Bhí seachtar clainne acu, Ned, Jimmí, Tony, John, Charlie, Cití, agus Máire. Tá Máire pósta ar Charlie O ’ Gallchóir ag Tobar an Dúin agus tá cónaí ar Chití, Tony agus Charlie sa cheantar seo. Teach Den Antáin Mar an gcéanna tá teach Den Dhonaí druidte suas agus an chlann uilig ar shiúl. Bhí Den Dhónaí pósta ar Mháire Flood as an Gholán. Seisear clainne a bhí acusan, Cití, John, Máire, Rosie, Eddie agus Danny. Níl fágtha beo anois ach Cití, i gContae Thiobraid Árann. Teach Den Dhónaí Sean- teach MhicIomhair Fágann sin teach MhicIomhair, an teach is deise

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3