Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 10 Ag Féachaint Siar Seo cuid de na smaointe a rith liom agus mé ag féachaint siar ar na laetha a bhí ann leathchéad bli- ain ó shin. Sa chéad áit thosaigh mé ag smaoineamh ar rudaí a raibh baint acu leis an Eaglais: An chéad rud a thógfadh do shúil agus tú ag dul isteach an doras ná an "foraois" de chomharthaí ar dhá thaobh na taobhroinne (cosán a bhí ag dul suas lár an tséipéil), iad cosúil le bra- tanna ach amháin nach éadach, ach cineál de sciath mhiotail, a bhí ar mhullach achan cheann acu agus ainm agus pictiúr naomh uilig na tíre agus na hEaglaise orthu. Chomh maith le sin, bhí cuma i bhfad níos ornáidí ar Theach a' Phobail - bhí na bos- caí faoistine déanta amach as an adhmad galan- ta, dorcha, snasta sin, achan cheann acu ag éirí mar a bheadh túr ann agus sórt spíce ag go- badh amach óna mbarr. Bhí ráille maisiúil déanta den chineál adhmaid céanna os comhair achar na haltóra, a scaradh ón chuid eile de theach a ’ phobail agus an geafta ina lár trína rachadh an sagart agus lucht freastala an Aifrinn, agus an braillín a bhí chomh geal le sneachta ag crochadh ó thaobh istigh den ráille go dtí díreach roimh an Chomaoineach, nuair a ba dhual do na freastalaithe é a thiontú thar an ráille ar an taobh amuigh sa dóigh 's go dtiocfadh leofa siúd a bhí ag glacadh Comaoineach é a thógáil agus a chur faoina smig ar eagla go dtitfeadh mionchuid ar bith den Chomaoineach. Agus ansin, dar ndoiche, bhí na freastalaithe fa réir leis an ‘ paten ’ faoi do shmig ar eagla na heagla. Bhí crannóg dheas ag seasamh amach ón altóir ar thaobh na láimhe deise, an puilpid, í ardaithe ceithre nó cúig troigh ón urlár agus tuilleadh adhmaid dorcha den chineál a luaigh mé cheana féin thart uirthi, an áit a rachadh an sagart achan Domhnach ag míniú briathar Dé don phobal. Chan iontas ar bith go raibh seo le déanamh mar bhí an Aifreann go hiomlán i Laidin; ó "Introibo ad altare Dei" "Ad Deum qui laetificat a jurentutum meam" go dtí "Dominus Vobiscum" "Et cum spirito tuo" "In nomine Patris et Filis et Spiritus Sancti" "per omnia saecula saeculorum,Amen". Sheas an sagart lena dhroim leis an phobal an chuid is mó den am, ag guí leis i Laidin agus bhí an pobal ar a ndícheall ag léamh urnaithe amach as na "Missals" agus ag méarú fríd a gCorónacha Mhuire ag rá an Phaidrín chomh tiubh géar agus a thi- ocfadh leo. An t - aon uair amháin a thiontódh sé thart, déarfadh sé "Dominus Vobiscum" agus tha- bharfadh na freastalaithe an freagra "Et cum spirito tuo" agus thiontódh sé ar ais arís le leanúint ar aghaidh leis an Aifreann. Dhéanfadh sé seo suas le trí nó ceithre huaire agus shíl muidne gur ag caint fá bhrioscaí a bhí sé! Agus na sluaite ag dul chun an Aifrinn - a bhformhór ag siúl, cuid mhaith ar rothair, agus corr - charr le hualach daoine air, uilig ag tarraingt ar Theach a' Phobail. Creidim go raibh comhluadar agus craic acu ar a mbealach go Carraig Airt - bhí siúl uaire ann ó Dhoire an Chasáin agus ansin i ndiaidh an Aifrinn cha raibh deifir ar bith orthu 'na bhaile mar chastaí muintir uachtar an pharóiste orthu agus bhí nuacht agus craic eatarthu, mar ní ró - mhinic a chíodh siad a chéile. Ag cuimhneamh siar air anois, chuirfeadh na baiclí daoine ag siúl iontas ort; chuirfeadh sé thú i gcuimhne de "Pilgrim's Progress le Chaucer" nó a leithéid. Bhí rud iontach "mediaeval" chor a bheith ag baint leis. Agus nuair a thóg siad Teach an Phobail ag bun chnoc Gáinne, áit iargúlta a raibh trí bhealach ag tarraingt air agus ceann acu ón taobh thoir a bhí garbh agus carraigeach. Nuair a chífeá na daoine ag tarraingt ar an áit fríd na carraigeacha, chuirfeadh sé am na bPéindlithe i gcuimhne duit. Chluinfeá Clog Fáilte an Aingil ar bhuille an Mheán lae agus ar a sé a chlog achan lá. Rud eile a chluinfeá, ar ócáid adhlactha, ná "trí urchar na sluaiste", na trí shluasaid créafóige a chaitheadh an sagart ar an chónra san uaigh. Nós eile a bhí ann agus nach bhfuil ann faoi láthair, buíochas le Dia, ná an sagart ag léamh amach na n - ofrálacha maidin Dé Domhnaigh: Pádraig Ó Murchú - cúig scilling, Éamonn Mac Ailín - leathchoróin, Séamas de Búrca - scilling; ag dé- anamh beag de dhaoine agus ag déanamh id- irdhealú idir chomharsana agus a bhí ina ábhar náire ag teaghlaigh nach raibh ar a gcumas a dhath níos mó a dhíol corr uair. Bhí sé de nós ag an adhlacóir na hofrálacha a léamh amach ag an tórramh fosta, uaireanta sa reilig agus amanna eile i bpóirse an tseipéil, rud a chur an scéal fá Íosa ag tiomáint lucht díolta agus ceannaithe amach as teampall Iarúsailéim i gcuimhne domh. Maidir le cúrsaí Comaoineacha, bheifeá ag troscadh ó leath i ndiaidh a dó dhéag ar a ’ mhoille, agus i bhfad níos luaithe ná sin do pháistí, ón oíche roimh ré, chun Comaoineach a ghlacadh. Chan iontas ar bith é go bhfeicfeá corr dhuine ag éirí lag nó ag titim i laige i lár an Aifrinn, agus is minic a chonaic mé féin é! Bhí cúpla nós eile ann san am – rialacha neamh - scríofa ach rialacha a gcloífí leo go géar san am: Ba ghnáth leis na fir a mbearáid a bhaint dófa agus iad ag dul isteach i dteach an phobail agus ar ndóiche ba ghnáth leis na mná uilig a gcinn a chlúdach le hata nó scairf. Nós eile a bhí ann ná go suíodh na fir ar thaobh na láimhe deise agus na mná ar thaobh na láimhe clé. Ba ghnách leis an chléir "Bannaí an Phósta" a léamh amach ón altóir dhá uair ar a laghad, suas le sé mhí roimh lánúin á bpósadh. Ní cheadófaí dófa siúd a raibh a lámh fhéin ina mbás a bheith curtha i dtalamh beannaithe (reilig), nó do pháistí a fuair bás gan baisteadh. Ní raibh teas ar bith i dTeach an Phobail; cad leis a raibh sé cosúil, maidin Eanáir agus an sneachta ar an talamh? Ní raibh damhsaí ar bith á reáchtáil i rith an Chargais. Taobh amuigh den Chargas b'éigean do na damhsaí críochnú ar an mheán oíche, oíche Dé Sathairn, sa chaoi 's go mbeadh an pobal ábalta éirí fá choinne Aifreann lá arna mhárach. Bhí sé de nós ag cuid de na sagairt a bheith ag siúl na mbóithre thart ar halla an pharóiste nuair a bhí damhsa ar siúl, agus bata draighin ina lámh, ag lorg lanúin ar chúl claí, agus go bhfóire Dia orthu siúd a mbéarfaí orthu!
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3