Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 11 COIRNEÁL THUAITHAIL An uair dheireanach a scríobh mé giota sa pháipéar seo, bhí mé den bharúil go raibh mé ag aislingeacht ach eadrainn fhéin, déarfainn b ’ fhéidir gur leath ólta a bhí mé. Sceitheadh gur choinnigh mé an charghas ar an ól agus de réir sin chuir mé mo chuid airgid is- teach i seansparán a bhí ag mo mháthair mhór. Bhí na leathbhoinn agus na sála caite ar mo chuid bróg trom agus lena chois sin bhí na hiallacha briste sna bróga. Bhí paiste nó beirt ar thóin mo chuid brístí agus paistí eile ar mo chuid uillinneacha. Bhí mé ag smaoineamh go gceannóinn culaith úr agus bróga úra, ach dúirt bean an tí liom go raibh na comharsana cleachtaithe liom ag dul thart ins na bratóga agus gur cheart dúinn carr úr a cheannacht. Nach í a bhí cliste. Bhí go maith agus ní raibh go h - olc. Chuaigh an bheirt againn suas go Leitir Ceanainn agus bhí an sparán liom faoi m ’ ascaill go cúramach. Le scéal a ghiorrú, cheannaigh muid carr úr i ngaráiste ag Barr an tSléibhe i Leitir Ceanainn. Seo litir chuig an gha- ráiste: A Chara Uasail, Cheannaigh mé carr úr uait ag tús na bliana agus an uimhir atá air ná 92 - DL - 999. Bhí an carr ag dul ar dóigh go dtí go ndeachaigh bean an tí agus mé fhéin suas go Leitir Ceanainn go dtí an ollmhargadh Dé hA- oine seo chaite. Líon muid cófra an chairr le torthaí, grósaeraí agus trí shac prátaí. Lena chois sin, chean- naigh muid leathmhuc agus cúig phunt d'ispíní. Ar an chasán abhaile dúinn thug mé faoi deara go raibh an solas dearg ar an dash ó am go h - am agus bhí mé den bharúil gur léim deireadh an chairr anois agus arís. Shíl mise go raibh callán ag teacht as cúl an chairr ach bhí toirneach throm ann ag an am agus bhí bean an tí den bharúil gur an toirneach a ba chion- taigh leis. Nuair a stad muid ag an doras cúil sa bhaile agus nuair a d ’ oscail mé an “ boot, ” chonaic mé gur thit an tóin as. Ní raibh aon rud fágtha ann, agus bhí na h - ispiní agus an leathmhuc a fuair muid don dinnéar caillte. Chuir mé scéala chuig Eunan Jim, an meicneoir gluaisteáin, a theacht go gasta leis an damáiste a mheas. Nuair a d ’ inis mé do an uimhir a bhí ar an charr “999” creidim go raibh sé ar an tsráid taobh istigh de dheich mbomaite ina dhiaidh sin. An chéad rud a d ’ inis sé domh ná go raibh cuid madaí an bhaile ag troid sna Dúnaibh fá charnán ispíní, agus steall do mhuc ag ceann de na madaí. Bhí gléas le Eunan leis an charr a thógáil, ach nuair a thóg sé an tosach, bhris sé ina dhá chuid. Nach muid a bhí ámharach gur bhain muid an baile amach léi. Thug mé scian phóca d ’ Eunan agus scríob sé giota beag den dá thaobh agus thug sé faoi deara go raibh an leath tosaigh den charr dearg agus an leath cúil glas. Ní raibh maith domhsa bheith ag smaoineamh ar N.C.T. a fháil. Chomh maith le achan rud eile anois, níl an “ gramophone ” ag obair. Déarfainn go bhfuil an snáthaid maol. Tá scread aisti ó am go h - am. Duradh liom go mbeadh an carr seo maith go leor go ceann cúig bliana ‘ fhad agus nach gcuirfinn lód trom ar an suíochán cúl. An t - aon rud a bhí againn ar an suíochán sin ná an “ gramaphone ”. Anois tá an carr seo ina luí amuigh ag tóin an tí agus an mheirg ag reáchtáil síos an tsráid ar na bricí úra a leag muid bliain ó shin. Tá mé den bharúil gur thóg sibh an garáiste ar bharr an tsléibhe sa dóigh go dtiocfadh leis na caranna rith síos an cnoc. Tá muid náiriste faoi chuid madaí an bhaile a bheith amuigh ag troid fánár gcuid ispíní agus an mhuc, agus tá an tír ag caint fá dtaobh den charr seo. Bhí mé ag caint le “ aturnae ” cois tine ‘ dteach leanna sna Dúnaibh agus d ’ inis mé mo scéal do ó thús go deiridh, ón naoi a chlog go meán oíche. Bhí sé ólta, ach má bhí féin, bhí a intinn géar. D ’ iarr sé orm mo scéal agus na costais a scríobh síos ar pháipéar, mar atá déanta agam, agus riail an E.E.C. uimhir a 999 a chur in iúl duit. Dhia nach é a bhí sásta nuair a mhuscail sé suas ar a trí a chlog, go raibh mé ansin leis an chuid eile den scéal a inse dó go dtí scairt an choiligh ag a sé ar maidin.. Nach é a bhí foighdeach. Le sin uilig ráite, seo an cúiteamh atá mé ag súil leis: Costas an chairr €999.00 Tóraí, grósaeraí, trí shac prátaí, leathmhuc agus cúig phunt d'ispíní € 45.00 Meicneoir gluaisteáin € 16.00 Tacsaí le coicís anuas € 49.00 Gaineamhchóiriú na brící €169.00 Codladh anóiteach, cráite, corrach €500.00 €1778.00 Tá an cuntas seo ionraic agus fírinneach agus tá mé ag súil le socrú uait gan mhoill. Sin ná an Chúirt. Is mise le meas, Proinsias Mac Giolla Bhríde.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3