Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 12 Féile Chóiste Mhíobhaigh Seo an darna bliain don choiste seo féile bheag fá choinne muintir na háite a reáchtáil. I mbliana smaoinigh muid go mbeadh lá iascaireachta mar pháirt do fosta. Bhí an iascaireacht againn Dé Sathairn, an lá deireanach de Mheitheamh agus imeachtaí agus craic ar an Domhnach. Thosaigh comórtas na hiascaireachta ag meán lae thíos faoi Dhún Dubháin, áit a dtugtar “ Bá an Log Gairbh ” air, atá suite ar chósta na Maoile Ruaidhe, agus bhí na slata istigh ag a cúig a chlog. Ghlac ceithre bhád déag páirt ann, rud nach raibh muid ag dréim leis. Seo báid bheaga le muintir na háite, suas le fiche troigh nó mar sin ar fhad. D ’ fhág siad uilig le chéile ag meán lae agus ba bhreá an radharc iad uilig ag seoladh mar chabhlach ag tarraingt ar an Mheall Mhór. Ní raibh an aimsir róchineálta dúinn ar an lá mar go raibh an ghaoth aniar aduaidh, rud a d'fhág buille trom san fharraige agus bhí corr dhuine ag tabhairt a mbricfeasta do na faoileáin agus ní raibh dath folláin orthu ar chor ar bith, ach ní luaim ainmneacha ar bith mar shíl cuid acu seo gur iascairí maithe iad. Bhí an t - iasc gann go leor ar an lá ach mar sin féin, bhí cúpla bád a rinne gnóthaigh ar dóigh agus mar i gcónaí bíonn fear no dhó ábalta an t - iasc a fháil, maith nó olc an aimsir. Bhuaigh bád Uí Bhrógáin an chéad duais leis an lasta is troime agus bhí an darna áit ag an Mhaol Ruaidh. Fuair Antáin Shuss as Gort na Luchóg an galach is troime agus bhí an duais fá choinne an t - iasc is mó roinnte idir Tommy Clyde as Dún Dúbhain agus John Frank as an Ardbán. Ar an Domhnach ansin bhí imeachtaí na féile thíos san áit chéanna. Thosaigh siad ar a dó a chlog agus bhí scaifte mór de mhuintir na háite ansin lena dteaghlaigh agus bhain siad uilig taitneamh as. Bhí na curacha amuigh ag an choiste agus fuair fear no bean ar bith seans lena gcuid scileanna rámhaíochta a thaispeáint. Bhí cúpla bád fosta le daoine a tha- bhairt ar thuras suas na Maoil Ruaidhe agus bhí na báid seo gnóthach i rith an ama. Le cois sin, bhí bia le fáil agus bhí ceithre fhleá fhulachta nó “ barbecues ” ag cócaireacht. Bhí na héisc ar beireadh orthu an lá roimh ré a gcócáil agus bhí bia eile, a bhaineann le Barbecues a chócáil ag daoine eile. Bhí caisleán prea- barnaí agus trealamh eile do na páistí agus is cosúil gur bhain siad sult maith astu. Tháinig Eunan agus Pádraig ansin agus thosaigh an ceol traidisiúnta. Mhair an ceol agus an craic seo go coineascair agus leoga tamall ina dhiaidh. Ba mhaith linn, thar ceann an chóiste, ár mbuíochas a tha- bhairt d ’ achan nduine a ghlac páirt san fhéile seo agus tá súil againn go mbeidh sibh uilig ansin arís ar an bhliain seo chugainn.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3