Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 13 Feadaímó. Bhí Feadaímó i bhfolach ar dhíon Mhicheáil Bháin ag feitheamh ar na báillí a bhí i ndiaidh teach Sheáin Mhóir a dhó. Bhí píosa trom de shean-chíle báid ina lámh aige agus an fonn ceart air úsáid a bhaint as. Chonaic sé an toit ón teach ag dul in airde mar bhí feothan farraige a shéideadh ina threo agus cha dear an radharc sin a dhath ach an fhearg a chur in airde i bhFeadaímó. Chuala Feadaímó an scread ó bhean thíos faoi agus thosaigh an racán. Bhí na mná is na páistí ag caitheamh clocha agus dartáin móna ar na báillí ach bhí sciatha sailí ag na boic sin agus ní raibh dochar ar bith a dhéanamh ag na diúracáin suaracha orthu. Bean nó páiste ar bith a raibh sé de mhisneach iontu seasacht rompu fuaireadar buille de bhata darach ar mhullach a gcloigne agus caitheadh ar leataobh iad gan trócaire. Bhí na báillí ag gáire mar bhí teach amháin dóite cheana acu agus ceann eile réidh le titim. Char shíl siad ariamh go mbeadh sé chomh furasta sin baile fearainn a thaomadh de theaghlaigh. Bhí captaen na mbáillí, fear mór cumasach garbh, ag scairteadh agus ag eagrú an fhórsa. “Seasaigí a fheara” a scairt sé agus iad ar an tsráid. Sheas sé féin go bródúil rompu mar gurb é a phleansan a bhí ann an díshealbhú a dhéanamh ar an dóigh seo. Bhí clú bainte amach aige i measc na dtiarnaí talamh mar fhear a gheobhadh an jab déanta agus chosain sé an clú sin go dian. Fear gan trócaire a bhí ann agus níor mhiste leis ariamh cruachás na dteaghlach a chaith sé amach. D’amharc an captaen thart anois, ansin bhuail sé buille trom ar an doras lena bhata. “ Má tá duine ar bith istigh ansin tagaigí amach anois sula lasfaimid an díon, tabhair freagra orm díreach, molaim díobh.” D’oscail an píosa uachtarach den leathdhoras agus sheas an captaen ar cúl ag dréim le duine inteacht a bheith ag fáscadh a láimh agus ag impí trócaire uaidh. Fuair sé gonc. In áit paidir tháinig a fhreagra chuige i bhfoirm scála uisce scallta a caitheadh is- teach idir an dá shúil air. Lig sé béic uafásach as agus rith sé i dtreo na farraige. B’shin an t -aon áit dar leis a bhfaigheadh sé faoiseamh ón phian tíoránta a bhí a lascadh. Bhí na báillí uilig ag amharc ar an chaptaen le hiontas nuair a chuala siad glam fiánta agus d’amharc siad in airde. Bhí Feadaímó ar an díon agus an cíle a luascadh aige agus léim sé anuas ina measc sula raibh a fhios acu cad é a bhí ag tarlú. Le buille amháin leag sé an triúr tosaigh agus thit siadsan ar ais ar mhullach na mbáillí eile. Rinne fear amháin iarracht greim a fháil ar an chíle ach ghlac Feadaímó coiscéim chun deiridh agus ansin tháinig sé anuas ar mhullach an chloiginn air. Thit an Báillí ina chnap ar an talamh. Léim duine de na báillí ar dhroim Fheadaímó ach léim Feadaímó ar cúl in éadan bhalla an tí agus thit an báille gan fhocal. Thug láithreacht Fheadaímó uchtach do na mná agus do na páistí agus thosaigh siad ag caitheamh cloch arís go díograiseach. Bhí sé deacair ag na báillí anois an fear mór mire agus na diúracáin a sheach- aint agus b’iomaí cloch a bhuail srón agus b’iomaí dartán a ghortaigh súil. Thosaigh na báillí ag cúlú ón teach le faoiseamh a fháil ón ionsaí ach bhí fear nó beirt ag titim go fóill faoi chíle Fheadaímó. Ní raibh seo i bplean an chaptaein ar chor ar bith, agus anois bhí na báillí trína chéile. Bhí an captaen ar shiúl agus ní raibh duine eile roghnaithe lena áit a ghlacadh. Bhí na ceannairí eile i gCarraig Airt ag imirt an chlis mhóir. Ní raibh le bheith anseo ach mná is páistí ach anois bhí laoch fíochmhar acu agus é ag déanamh scrios orthu le píosa mór adhmaid. Bhí na báillí ar tí briseadh nuair a chualadar scairt ó threo na farraige. Is é an captaen a bhí ann agus bhí sé ar mire. Bhí a aghaidh uilig dearg amh leis an dó a fuair sé agus ní sásta a bhí sé a chuid fear a fheiceáil ag cúlú roimh bhochtáin ghioblacha an Mhill Mhóir. “The next man who retreats one inch will be flogged” Tháinig sé suas a fhad leo agus dhírigh sé a mhéar ar Fheadaímó. “Capture that thug and bring him to me” a scairt sé agus cúr lena bhéal le fearg. Ní raibh ach ceithre dhuine dhéag de na báillí ina sheasamh faoin am seo agus bhí faitíos go leor orthu ionsaí a dhéanamh ar an fhathach leis an chíle ina láimh. Spréigh siad amach ag iarraidh teacht air ó achan aird ach bhí an captaen anois fágtha leis féin agus gan idir é féin agus Feadaímó ach báille amháin a raibh súil amháin druidte aige agus é bacach ó chloch a bhuail sa ghlúin é. Thug Feadaímó léim amháin agus bhuail sé an báille sa srón le sonc ón chíle. Thit sé agus lig sé scread phianta uaidh agus d’imigh sé leis ag lámhacán ar na ceithre boinn, bhí a sháigh den troid ag an fhear sin. Rith Feadaímó díreach chuig an Chaptaen agus rinne sé iarracht é a bhuaileadh ach léim an captaen faoin bhuille agus fuair sé greim ar chosa Fheadaímó. Thit an bheirt acu ag rolladh thart agus bhuail siad in éadan carraige leis an chaptaen ar uachtar. Bhuail sé síos díreach lena dhorn ag tarraingt ar aghaidh Fheadaímó ach d’úsáid Feadaímó achan unsa nirt a bhí ina chorp agus chur sé an captaen dá chothrom. Ag an am céanna bhog sé a chloigeann ar leataobh agus bhuail an captaen a dhorn ar an charraig. Phléasc na hailt mar a bheadh spíonáin aibithe ann agus chaith Feadaímó é ar mhullach a chinn ar na carraigeacha. Droch lá a bhí ann don chaptaen. D’éirigh Feadaímó ach bhí na báillí eile uilig thart air faoin am seo agus bhí sé ag éirigh tuirse. D’amharc sé thart ag cuardach na Cíle ach bhí sé tógtha cheana ag duine de na báillí. “You looking for this, eh? Don’t look so tough now do you?” Chuaigh sé i dtreo Fheadaímó agus an chíle

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3