Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 14 amach roimhe, “might just give you a taste of your own medicine matey” a dúirt sé, ach bhí an chíle ró-throm dó agus bhí Feadaímó ábalta an buile a sheachaint gan buaireamh ach anois rith na báillí eile isteach agus bata darach a luascadh ag achan fhear acu. Bhí Feadaímó san fhaopach anois ach thóg sé bata a bhí caillte ag duine de na báillí a bhí gortaithe agus chuidigh sin go mór leis. Chúlaigh sé go dtí go raibh sé teann le balla an tí agus gheall sé do fhéin go dtroidfeadh sé ansin go dtí go dtitfeadh sé. Rinne na mná agus na páistí iarracht cróga cuidiú a thabhairt dó ach bhí Feadaímó ag éirigh lag agus bhí na buillí ag teacht isteach air anois gan fhaoiseamh. Shíl na báillí go raibh an lá leo faoi dheireadh ach tháinig na fir óga ó Mhalaigh an Rí isteach ar an achrann ag an bhomaite seo agus a gcuid súl lasta le fearg agus fuath do na báillí. Chonaic siad teach Sheáin Mhóir dóite agus bhí marfach agus díoltas ina gcroíche anois. Thit na báillí mar choirce roimh an chorrán agus bhí teach Mhicheáil sábháilte. Tarraingíodh na báillí síos go farraige, áit a raibh dhá bhád ina shuí ar an trá. Bhí báille amháin ag coimhéad na mbád ach choinnigh seisean a cheann síos go humhal nuair a chonaic sé an slua ag teacht agus a chomrádaí féin a thiomaint rompu mar thréad caorach, cuid acu ag titim, cuid acu bacach, agus drochbhail orthu uilig. Caitheadh isteach sna báid iad agus an triúr no ceathrar a bhí ábalta tabhairt faoi na rámhaí rinneadar sin. Tharraing siad ar shiúl ón Mheall Mhór le maslach na ndaoine ina gcluasa ach níor chuala an captaen rud ar bith mar bhí seisean go fóill gan bogadh, agus dar ndóigh d’fhan sé mar sin ar feadh dhá lá eile agus nuair a mhuscail sé ansin is iad na céad focal a chuala sé ón Tiarna Talún ná “you’re fired.” Bhailigh achan duine ar an Mheall Mhór ar shráid Sheáin Mhóir agus labhair Paidí Dhomhnail leo. “A fheara, ba dhóbair dúinn inniu an rud uilig a mhilleadh. Tá a fhios againn go bhfuil an Tiarna ag iarraidh an Meall Mór a ghlanadh amach ach tá a fhi- os againn fosta nach mbeadh ansin ach an tús. Anois nil a dhath níos cinnte nach go mbeidh stíobhard an Tiarna anseo an chéad rud ar maidin agus an t-am seo beidh na cótaí dearga leis. Cha dtig linne troid in éadan gunnaí. Muna bhfuil díon ar theach Sheáin Mhóir faoin am sin agus tine lasta istigh beidh sé fágtha ar an tsráid agus gan a dhath a thig linne a dhéanamh fá dtaobh dó. Anois tosaígí agus cuirigí an teach seo ar ais le cheile agus ná ligigí don fhéar fás faoi bhur gcosa.” Má thóg sibh cloch am ar bith agus nead seangáin faoi chonaic sibh radharc gnóthach, achan uile seangán ina rith agus a jab féin ag achan cheann acu. Sin mar a bhí sé ar an Mheall Mhór an lá seo. Chuaigh scaifte de na fir ag baint muiríní, chuaigh scaifte eile i mbun siúinéireachta, fear amháin ag déanamh fuinneoige, fear eile ag déanamh tábla, beirt ag dul do chathaoireacha agus beirt nó triúir eile ag déanamh na ndoirse. Achan phíosa adhmaid a bhí le spáráil fá na tithe eile tugadh go teach Sheáin Mhóir an lá sin é. Is adhmad a bhí ann a tháinig isteach leis an lánmhara ó am go ham agus tugadh aire mhaith dó mar ní áit í Ros Goill a raibh crainn rófhlúirseach in- ti. Ghlan na mná agus na páistí na hiarsmaí dóite amach as an teach agus leoga rinne siad cnapán suarach ina luí ar an tsráid sula dtug na fir leo iad agus chuir an t-iomlán amach leis an fharraige. Bhí trí thine móna faoi lán seol acu agus pota mór dubh ag luascadh ó sheastáin sealadacha tríchosach os cionn achan cheann acu ag téadh uisce chun an súiche a ghlanadh de na ballaí. Nuair a bhí sin déanta acu thosaigh na fir ar an tuí. Tháinig cuid de na mná agus prátaí bruite acu agus carnán uibheacha leo le neart a choinneáil ins na hoibrithe. Bhí uisce agus bláthach le hól acu agus is é sin an lá a bhain siad sult as an bhia agus iad uilig le chéile ag iarraidh duine dá gcuid féin a shábháil ón bhóthar. Bhí dorchadas ag titim nuair a cuireadh an leathdhoras in áit agus bhí deor i súil Sheáin Mhóir nuair a chuaigh sé féin agus a bhean trasna na tairsí isteach i dteach nach raibh oiread na fríde d’fhianaise gur dódh é an maidin sin. Chuaigh achan duine abhaile breá sásta agus b’iomaí deichniúr den phai- drín a cuireadh i dtreo na flaithis an oíche sin mar gur theip ar na báillí. Choinnigh achan duine súil amach an mhaidin lá arna mhárach ag fanacht ar an stíobhard agus na saighdiúirí dearga ach cibé cén fáth cha dtáinig siad. Is dóiche go raibh a fhios acu cad é a bheadh rompu agus ní raibh siad ag iarraidh tuilleadh ábhair gháire a thabhairt do na daoine. Chuir an Tiarna an plean a bhí aige chun na tithe uilig ar an Mheal Mhór a dhruid ar leataobh agus níor éirigh leis ariamh é a chuir i gcríoch. D’imigh na báillí a tugadh isteach ag an am sin chun an drochghníomh a dhéanamh agus chuaigh Feadaímó agus muintir Ros Goill ar aghaidh leis an saol go deas socair ar feadh tamaill. Ach ní raibh sé sa chinniúint ag Feadaímó go mbeadh suaim- hneas ina shaol agus ní raibh sé i bhfad go raibh sé sáite istigh i mbuaireamh eile agus an t-am seo bheadh a bheatha féin i gcontúirt. Beidh an chuid eile ins an chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3