Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 15 Coiste Forbartha Charraig Airt Sheol Frank Galligan, file agus iriseoir, leabhar de ghearrscéalta dár teideal “Tales from the Hearth” le Kevin McFadden (atá anois faoi shuaimhneas Dé) ag ócáid in Óstán Charraig Airt. B’as Bóthar na hEaglaise, Carraig Airt do Kevin, agus bhí baill dá theaghlach i láthair ag an ócáid thaitneamhach seo. B’ábhar mórtais d’Ethna, deirfiúr le Kevin, go raibh a deirfiúr Rosaleen agus a fear céile, maraon lena dearthár Pat agus a bhean chéile Joe i láthair ag an ócáid seo. Tá an cheathrar acu seo ina gcónaí i gCeanada. Tá cuid mhór scéalta dea-chumtha fá cheantar Charraig Airt le fáil sa leabhar seo agus is leabhar í a chaithfidh duine ar bith a bhfuil baint acu leis an cheantar a léamh. Ba i gCarraig Airt a bhí croí Kevin agus ba bhreá leis i gcónaí filleadh ar a fhód dúchais. Is iad na cuimhní is mó a bheidh ag daoine fá Kevin ná an sárchúlaí a bhí ann d’fhoireann mionúr Dhún na nGall agus cúltaca den scoth d’fhoireann sacair “Mulroy Stars” – má dhéanann muid dearmad ar eisceacht amháin a ndéantar cur síos air sa leabhar ! Is beag duine a thuigeann gur ceol Gaelach agus ár dteanga dúchais féin a ba mhó a raibh suim ag Kevin iontu sna blianta deir- eanacha a chaith sé i White Rocks, Surrey, British Columbia, áit ar chuir sé ranganna ar fáil don chraobh áitiúil do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá an leabhar spéisiúil, spreagúil seo le fáil sna siopaí áitiúla. Bhí suas le 40 duine ag cur i láthair Powerpoint a rinne Coiste Forbartha Charraig Airt ar 10.00rn Dé Luain, an 16ú Iúil. Is cruthú é seo den spiorad iontach pobail atá i measc mhuintir Charraig Airt. Thug moltóirí an chomórtais “Bród na hÁite 2007”, William Beattie as Tír Eoghain agus Blaise Tracy as Cill Mhantáin, cuairt ar an áit le meastóireacht a dhéanamh ar an bhabhta deiridh den chomórtas seo. Fiche bomaite a mhair an cur i láthair agus lean seisiún “ceist agus freagra” é, seisiún a mhair 10 mbomaite. Cheistigh na moltóirí Máire Uí Chléirigh, Siún Uí Ghallchóir, John Mac Nuaidht agus Colm Ó Buaidhe fá ghnéithe ar leith den cur i láthair, agus thug siad ardmholadh dó. Dúirt siad go raibh sé soiléir ón taispeántas grianghraif a bhí ar bhallaí an tseomra gur cuireadh i gcrích cuid mhór tograí fiúntacha ó bunaíodh an coiste áitiúil i 1998. Bhí ionadaithe ó ghrúpaí deonacha an cheantair i láthair fosta. I ndiaidh an cur i láthair, thug na moltóirí camchuairt ar an bhaile agus thug siad cuairt ar Pháirc na Trá, Comhar Creidmheasa Chuan na Long, Stáisiún Dóiteán Mhíobhaigh, Ionad Lae Mhíobhaigh agus Radharc na Cille. Chaith siad uair thaitneamhach ag caint agus ag comhrá leis an tseanmhuintir a bhí ag an Ionad Lae, áit a ndearna Sarah agus Mary Grace Ní Chuillín agus Séamas Mac Giolla Bhríde iad a mhealladh lena gceol binn. Buíochas do Dhónal Mac Daibhéid a chaith uaireanta fada ag ullmhú an cur i láthair Powerpoint agus le Dónal Mac Laifeartaigh a chuidigh na grianghraif a réiteach don taispeántas. Buíochas fosta d’f- hoireann Ionad Acmhainne Mhíobhaigh a chuidigh leis an cur i láthair a ullmhú. Cé go bhfuair muid adhmholadh ó na moltóirí agus go ndúirt urlabhraí dá gcuid go raibh siad iontach sásta leis an cur i láthair, d’amharc siad ar an ócáid mar dheis le haird a dhíriú ar an obair iontach atá a déanamh go deonach ag grúpaí éagsúla i measc pobal na háite. D’iarr muid ar an lucht gnó a bheith fabhrach faoi chomharthaí siopaí i nGaeilge agus is deas a fheiceáil gur mar seo atá an chuid is mó. Is tógáil croí dúinn a fheiceáil go bhfuil comhartha i nGaeilge ar an caife úr sa b h a i l e , “ C a i f e n a S r á i d e ” . Comhghairdeas dó Carmel agus Séan Mac Laifeartaigh agus fósta d’Eimear Ní Bhuaidhe i leith an Sci- amhlann a d’oscail sí le déanaí. Tá curtha isteach againn ar an chomórtas “An Baile Beo” arís i mbliana, chomh maith le Comórtas na mBailte Slachtmhara agus beidh an mholtóireacht a dhéanamh faoi cheann coicís no mar sin agus de bhrí sin, rachadh se chun tairbhe dúinn uilig dá gcoinneodh achan duine a gcoirnéal beag féin slacht- mhar agus glan. Ma níonn muid uilig seo, beidh caighdeán ard a chur os comhair na moltóirí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3