Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 16 Is é seo an séú eagrán déag de Ghuth Ghoill agus táimid go fóill ag baint triall as rudaí éagsúla agus mar atá a fhios agaibh táimid i gcónaí ag cuardach scríbhneoirí úra le píosa a dhéanamh dúinn. Gan an cineál sin tacaíochta ón phobal bheadh sé iontach deacair irisleabhar mar seo a chuir amach. Tá muid an - bhuíoch do na daoine sin a dhéanann píosaí a scríobh dúinn go rialta, agus tá súil againn go gcoinneoidh sibh ag dul leis an pheannaireacht amach anseo. Is é an cheist is minice a chluineann tú nuair a labhraíonn tú le duine faoi phíosa a scríobh ná “ Cad é a scríobhfainn faoi? ” Bhuel, a chairde níl easpa ábhair amuigh ansin. Má tá aithne agat ar dhuine ar bith atá, cosúil linn uilig, ag dul in aois, mar shampla, d ’ athair, do mháthair, d ’ uncail nó comharsa duit, déan agallamh leo. Tá scéal faoi leith le hinsint ag achan duine agus tá suim mhór ag léitheoirí Ghuth Ghoill i rud ar bith a bhaineann leis an tsean - am. Má tá scéal áitiúil a chuala tú am amháin agus a shíleann tú á bheadh oiriúnach don Irisleabhar scríobh amach é agus má tá smaoineamh nó idéanna ar bith agaibh faoi dhóigh ar bith a dtig linn feabhas a chur ar rudaí labhraígí linn. Ta na grianghraif iontach tábhachtach. Mar sin de, má tá seanghrianghraif ar bith agaibh ina luí ag bun tarraiceáin nó áit ar bith eile fán bhaile, agus ar mhaith libh iad a fheiceáil i nGuth Ghoill, tabhair dúinn iad le bhur dtoill. Déanfaimid cóipeanna díofa ar an bpointe, agus beidh siad ar ais agaibh gan buaireamh ar bith. Thosaigh Sally san oifig le gairid agus tá Guth Ghoill tugtha faoina sciathán aici. Má tá ceisteanna ar bith agaibh cuir scairt uirthi ag 074 - 9154830 nó ríomhphost chuig ceimaniar@eircom.net. agus beidh lúcháir uirthi teagmháil a dhéanamh libh. Mar a tá a fhios agaibh is féidir leat Guth Ghoill a fháil áit ar bith sa domhan ar chostas €20 agus tá an líon síntiúsóirí atá ag baint úsáide as an ais seo ag dul i méid achan bhliain. Bhí an tUachtarán, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ina hóstach ar Lá Cóisire Gharraí an Phobail ar an 10ú Iúil agus bhí ionadaithe ó ghrúpaí poiblí as achan chearn den tír i láthair ar an lá. Chuir an tUachta- rán céad míle fáilte rompu uilig agus mhol sí an obair atá a déanamh ag na h-eagraíochtaí poiblí ar fud na tíre. Sa ghrianghraf seo tá Richard Parke, Paidí Ó Gallchóir, Máire Áine Uí Dhochartaigh, Peigí Uí Oireachtaigh agus Máire Mhic Giolla Bhríde , a bhí ina n-ionadaithe ó Ion- ad Lae Mhíobhaigh. Bhí neart bia, ceoil agus craic ann agus bhain siad uilig sult mór as an ócáid. Seo thuas pictiúr den ghrúpa a bhain Teastas Sláinte agus Sábháilteachta amach ón chúrsa a bhí ar siúl san Ionad Acmhainne níos luaithe sa bhliain. Ba i Eiméar Nic Giolla Bhríde a bhí i mbun an chúrsa. An seanbhaile i nDumhaigh. Má amharcann sibh go géar ar an phictiúr seo t ’ chífidh sibh go bhfuil balla ag teacht trasna ag teach Hughie Den, san áit a bhfuil an bealach anois.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3